Breithiúnais stairiúla i gcoinne Meta agus YouTube, impleachtaí móra d’Éirinn

Pádraig de Burca

​Tá dhá bhreithiúnas dhlíthiúla shuntasacha sna Stáit Aontaithe ag cur brú mór ar ardáin na meáin shóisialta. Tá impleachtaí doimhne ag na cinntí seo do Meta (Facebook agus Instagram) agus YouTube in Éirinn, os rud é go bhfuil a gceanncheathrú Eorpach lonnaithe anseo.

​Andúil trí dhearadh

​In Los Angeles fuair giúiré Meta agus YouTube ciontach as “andúil trí dhearadh” a chruthú; gníomh a d’fhág go raibh anacair mheabhrach ar bhean óg. Dámhadh $6 mhilliún i ndamáistí don ghearánach. Gearradh 70% den fhíneáil ar Meta agus an 30% eile ar YouTube. D’áitigh an t-ionchúiseamh gur dearadh gnéithe ar leith, mar shampla an “scrolláil gan teorainn” agus “athneartú fánach”, chun úsáideoirí a mhealladh agus a choinneáil gafa ar na suíomhanna ar feadh tréimhsí fada.

​”Nóiméad an Tobac Mhóir”

​Ag an am céanna i Nua-Mheicsiceo, ordaíodh do Meta $375 milliún a íoc i bpionóis shibhialta. Fuarthas amach gur sáraíodh dlíthe cosanta tomhaltóirí agus gur cuireadh an pobal amú faoi shábháilteacht leanaí ar na hardáin. Tá na torthaí dlíthiúla seo á gcur i gcomparáid le “nóiméad an Tobac Mhóir” don tionscal teicneolaíochta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.