Rónán Ó hÍcí
“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.” Tá íomhá álainn ag baint leis an seanfhocal seo; daoine ag seasamh faoi scáth a chéile, ag tabhairt cosanta agus tacaíochta dá chéile. Meabhraíonn sé dúinn nach maireann aon phobal ná aon ghlúin ina haonar. Braitheann ár saol ar an gcomhoibriú, ar an gcomhthuiscint agus ar an gcúram a thugaimid dá chéile, smaoineamh atá ag croílár na hinbhuanaitheachta é fhéinig.
Ba é an spiorad sin a mhúnlaigh Debate Your Decision Makers, ócáid bhliantúil a eagraíonn Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) chun daltaí agus lucht cinnteoireachta na tíre a thabhairt le chéile chun comhrá oscailte agus macánta a bheith acu lena chéile. Reáchtáladh an ócáid i mbliana i suíomh stairiúil Theach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath, áit a raibh seomraí an fhoirgnimh líonta le fuinneamh, fiosracht agus dóchas ó dhaoine óga ó chuile chearn den tír.
Mar is gnách leis an ócáid, bhí an lá struchtúrtha timpeall ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Thug na spriocanna sin deis do dhaltaí plé a dhéanamh ar cheisteanna móra ár linne; idir ghníomhú ar son na haeráide, comhionannas agus ceartas domhanda, agus na dúshláin phraiticiúla atá le sárú in Éirinn.