Craolfar scéinséir gadaíochta Gaeilge nua, Aontas, ar TG4 & TG4.ie ar an 16 Márta ag 9.30. Arna stiúradh ag Damian McCann (Doineann), le Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) sna príomhróil. Beidh an scannán le feiceáil freisin ag an am céanna ar an BBC iPlayer agus BBC One Northern Ireland. Léiríodh Aontas le TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Yellowmoon.

Féachann triúr gadaithe as an ngnáth le comhar creidmheasa a robáil, ach cailleann siad an cloigeann. Cuirtear tús leis an scannán Aontas agus an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré. Iompaíonn gadaíocht nár éirigh léi isteach ina léiriú ar bhean cheanndána nach bhfuil in ann an méid a tharla san am atá caite amach as a cloigeann. Léirítear an tionchar a bhíonn ag ár roghanna agus ag ár gcuimhní féin orainn nuair nach féidir linn dearmad a dhéanamh orthu agus bogadh ar aghaidh sa saol.

Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh an scannán agus is iad Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh é. Is é seo an chéad fhadscannán ón gcomhlacht nua dátheangach, Púca Pictures.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.