
Is léir le tamall go bhfuil Donald Trump i sáinn i dtaobh an chogaidh atá á fhearadh aige ar an Iaráin. Anois is cosúil go bhfuil sé ag iarraidh seasamh siar ón gcogadh, agus tá sé ag iarraidh a chlú a shábháil trí ligean air gur bua é an teip a tharla. Is cuma an gcreideann éinne é nó nach gcreideann. Níl uaidh ach an bua a mhaíomh agus siúl amach.
Toghadh Trump ar an ngealltanas nach mbáfadh sé Meiriceá in aon chogadh gan chríoch, agus b’in é an cineál cogaidh a bhí uaidh: buille láidir trom a thabhairt, géilleadh an namhad, bua ag Trump agus deireadh leis an scéal.
Sin é a bhí aige maidir le Veiniséala. Níor dhein sé aon iarracht saighdiúirí a chur isteach, beart a bheadh riachtanach le hathrú réimis a fháil. D’fhuadaigh sé an ceannaire, Maduro, agus ansin rinne sé socrú leis an réimeas. Coinníollacha nár thaitin leis na Veiniséalaigh, ach coinníollacha a raibh siad in ann glacadh leo.
Ach ní mar sin atá scéal na hIaráine. Sa chéad áit is léir anois gur ullmhaigh an Iaráin don chogadh seo, agus gur thuig siad dá gcoinneodh siad Caolas Hormuz dúnta nó faoi smacht, mar tá siad ag ligean longa nach mbaineann le Meiriceá nó leis an Eoraip tríd má cheannaíonn siad a lastas le hairgeadra Síneach in ionad an dollair, go mbeadh an bua acu.
Agus tá siad i gcónaí ag caitheamh diúracáin in aghaidh Iosrael agus ag déanamh an-dochair, cé go bhfuil Iosrael ag iarraidh an dochar sin a cheilt.
Ní raibh de rogha ag Trump ach saighdiúirí a chur isteach san Iaráin, agus glacadh le han-chuid básanna agus cogadh fada gan chríoch, greim na hIaráine ar an gCaolas a bhriseadh (a bheadh níos éasca a rá ná dhéanamh) nó bua a fhógairt agus siúl amach.
Is cosúil go bhfuil an tríú rogha roghnaithe aige.
Ach níl deireadh an chogaidh seo ag brath ar Trump amháin. Deir seisean go raibh cainteanna ann idir a chuid ionadaithe agus ionadaithe na hIaráine, ach tá sé sin séanta go láidir ag an Iaráin.
Níos measa, níl an Iaráin ag iarraidh sos cogaidh, a osclódh an bealach sé mhí nó bliain ina dhiaidh seo d’iarracht eile. Tá socrú síochána ag taisteal uatha, agus tá na comharthaí ann go leanfaidh siad ag caitheamh diúracán agus ag diultú do loingeas naimhdeach sa gCaolas is cuma a bhfuil á rá ag Trump.
An féidir le Trump bua a fhógairt agus stop a chur leis an gcogadh má leanann na hIaránaigh ar aghaidh leis?
Ar an taobh eile, tá dochar as cuimse déanta ag Meiriceá do bhonneagar na hIaráine agus, cé go bhfuil fórsaí armtha na hIaráine fós in ann leanúint leis an gcogadh d’fhulaing siad a lán. Agus ar ndóigh d’fhulaing muintir na hIaráine freisin.
Seans gur chreid Trump a bholscaireacht féin ag ceapadh go mbeadh éirí amach in aghaidh an réimis ann. Níor tharla a leithéid agus tá gach comhartha ann go bhfuil an réimeas níos láidre anois ná mar a bhíodh.
Sea, bhí Trump éiginnte faoi spriocanna an chogaidh, ach seo mar a sheasann an scéal faoi láthair – ní bheidh aon athrú réimis ann. Tá cumas fós ag an Iaráin diúracáin a chaitheamh agus dochar mór a dhéanamh d’Iosrael agus do gheilleagar an domhain.
Thar aon rud eile tá sé léirithe ag an Iaráin gur féidir le tír gan an oiread sin acmhainní aige an fód a sheasamh in aghaidh Mheiriceá, agus léirithe don domhan nach bhfuil Meiriceá comh cumhachtach agus a thug siad le fios.
Agus geilleagar an domhain? Má chailleann Meiriceá a máistreacht airgeadra ar thrádáil an domhain, agus ar an trádáil ola go háirithe, má chailleann siad an peitreadollar, beidh siad i gcruachás, agus in éineacht leo na ‘comhghuaillithe’ nach bhfuil in ann éalú óna ngreim.
B’fhéidir ag an deireadh thiar nach mbeidh Trump in ann siúl amach ón gcogadh seo agus nach mbeidh de rogha aige ach é a ghéarú, beart a chuirfidh go mór le géarchéim eacnamaíoch ar fud an domhain, ach i Meiriceá agus san Iarthar go háirithe.
Ceapaim go deimhin go bhfuil impireacht Mheiriceá ag tosú ar arraingeacha an bháis. Cheana féin tá fócas gheilleagar an domhain ag dul i dtreo an Domhain Theas, i dtreo na Síne, na hIndia agus eile.
Is féidir leis an Rúis an carta Eoráiseach a imirt, ach cén cárta atá ag an gcuid eile den Eoraip?
730 focal