Cóilín Duffy
Beidh súile phobal na gcluichí Gaelacha ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo agus comhdháil bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ar siúl, áit a mbeidh toghchán uachtarán CLG ar cheann de na príomhimeachtaí. Den dara huair as a chéile, beidh triúr san iomaíocht don phost is airde san eagraíocht, agus 25 rún le plé agus le vótáil ag toscairí ó fud na tíre agus thar lear.
Tá Derek Kent (Loch Garman), John Murphy (Sligeach) agus Ger Ryan (Tiobraid Árann) tar éis a n-ainmneacha a chur chun cinn chun bheith ar an 42ú huachtarán ar CLG, ag teacht i gcomharbacht ar Jarlath Burns i gceann 12 mhí. Beidh an toghchán ar siúl Dé hAoine an 27 Feabhra i bPáirc an Chrócaigh.
Chríochnaigh Derek Kent tréimhse trí bliana le déanaí mar chathaoirleach Laighean, tréimhse a bhí fite fuaite ar feadh bliana lena ról mar cheann ar an Lár-Choiste Rialaithe Comórtais. Leag sé béim ina fheachtas ar ról na saorálaithe ag croílár na heagraíochta agus ar an ngá le féilire atá dírithe ar leas na n-imreoirí. Dar leis, tá an séasúr scoilte “ceart ina phrionsabal”, ach go bhfuil gá le mionchoigeartú ar an sceidealú.