Spéic na Girsí, caibidil 9.2

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Ré Ó Laighléis

Caibidil 9 (Cuid 2)
Reiligiún agus Creideamh

“Ach fós, is faoi riar ag daoine daonna atá na reiligiúin. Agus is cuid de nádúr an duine daonna é nach féidir leis an duine sin a bheith foirfe. Fágann sin go bhfuil an duine daonna oscailte do mhaitheas agus don daonnacht, don chineáltas agus don bhflaithiúlacht. Fágann sin, chomh maith, go bhfuil an duine daonna oscailte don olc agus don mhailís, don chruálacht agus don tsaint. Is é a bheith daonna a bheith neamhfhoirfe, a mhaítear. Agus, dá réir sin, áit a bhfuil rialacha, tá lámh agus meon agus nádúr an duine daonna, agus is de chlaonadh chun maitheasa nó oilc a riaraítear rialacha i gcónaí, de réir toil an duine. Toil!

 “Toil an duine: Mahatma Gandhi (Hindu), Adolf Hitler (Caitliceach), Osama Bin Ladin (Ioslamach), An Mháthair Teresa (Caitliceach), Martin Luther King, Sóis., (Baisteach), Benjamin Netanyahu (Iúdach), Vladimir Putin (Ceartchreidmheach Eaglais na Rúise), Aung San Su Kyi (Búdaí). Áirimis toil an duine agus claonadh an duine chun suáilce nó duáilce agus iad ina mbaill inghlactha de na reiligiúin dá bhfógraíonn siad a ndílseacht. Déanaimis ár machnamh ar leithéidí seo: Na Crosáidí! Cogadh Isis! Bascadh na bPailistíneach! An Chúistiúnacht Spáinneach! Mí-úsáid ghnéis na bpáistí! Sciúrsáil na Rohingya, agus mórchuid eile nach n-ainmneofar! Ní in ainm an Chreidimh a rinneadh aon cheann díobh, ach in ainm na reiligiún éagsúil atá faoi riar ag rialacha – rialacha atá inmhúnlaithe de réir toil an mhúnlaitheora dhaonna le go ndéanfaí maitheas nó olc. Ró-aird ar rialacha na gcúinní cúnga cráifeachta a ghabhann le reiligiún, agus neamhaird de líonta leathana an leasa ar den Chreideamh iad. In ainm na Maitheasa, bímís deas mánla dá chéile.”

Tá ciúnas i réim sa halla thíos. Macallaí na gcásanna agus na gcarachtar atá luaite ag Daire ag pramsach in intinní na n-éisteoirí, seans. Gan aon bhreithmheas déanta ag an mbean óg ar dhuine nó ar eachtra ar bith, ’s gan déanta aici ach iad a lua. É fágtha ag na héisteoirí a marana féin a dhéanamh ar a bhfuil ráite aici. Agus sin é is cuí.

“Ach Creideamh!” ar sí. “Creideamh! Céard é atá ann, i ndáiríre, ach géilleadh anama ’gus meoin don rud nach eol don duine, go cinnte; don rud nach féidir a chruthú ar aon bhonn lóighiciúil; don rud nach bhfuil aon bhaint ag réasúnaíocht ná rialacha leis? Is doimhne é ná an rud atá sothomhaiste. Is luachmhaire é ná gach maoin ar domhan. Is beannaithe é an té a bhfuil creideamh aige. Ach ná déanaimis an dearmad a cheapadh gurb ionann sin agus a bheith neamhcheisteach. A mhalairt ar fad atá fior i gcás an té a bhfuil fíorchreideamh aige. Is treise é an creideamh de thoradh ar dhiancheistiú. Is é an easpa fhreagra tar éis dianchuardaigh agus an t-aineolas dá bharr a chuireann ar an duine dul i muinín an chreidimh. Glacann sé creideamh chuige féin gan aon chinnteacht ná cruthú. Is ag an duine sin atá fíorshaoirse idir anam agus mheon. Ach, Is díol suntais iad na sainmhínithe ar ‘creideamh’/’belief’ sna foclóirí éagsúla.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.