Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Ré Ó Laighléis

Caibidil 10 (Cuid 1)
Oideachas

Daire ina suí seal sula dtagann sí a fhad leis an micreafón an athuair. Tá a fhios aici ina croí istigh nach féidir – nach mbeadh sé ciallmhar – na héisteoirí a bhascadh leis an iomarca eile dá tuairimíocht. Ach tá a bhfuil fós le rá aici na dhúnadh riachtanach ar gach atá ráite aici go nuige seo. Airíonn sí gur fearr an t-aon chur i láthair amháin eile agus go gcuirfidh sí clabhsúr ar chaint ina dhiaidh sin. A fhios aici go deimhnitheach an babhta seo céard air a dhéanfaidh sí caint.

Í díreach ar tí a caint dheiridh a thosú, nuair a fheiceann sí an doras ag cúl an tseomra ar leathadh, agus caitear seafta solais isteach sa halla όn bpasáiste amuigh. Is leor an fannsholas thíos le go n-aithneoidh Daire an bheirt a sciurdaíonn isteach trí’n oscailt agus suíonn sa tsraith chúil. Aithníonn sí a ngluaiseachtaí. Aithníonn sí a gcuma. Aithníonn sí uaisleacht na beirte céanna. A hathair agus a máthair. A hathair tagtha ar an láthair chun éisteacht léi! Na Gealbhánaigh triúr ar an láthair! Agus líontar croí na girsí le teann dόchais agus misnigh. Agus tá a fhios aici ar an bpointe cad as a dtáinig gach aon unsa gaoise chuici riamh. ‘Seol leat, a chailín’, a chloiseann sí ina hanam istigh. Is anois atá gaoth dhochloíte an mhisnigh sna seolta chuici.

         “Mórchuid cainte uaim, a chlann, agus mé buíoch díbh as bhur n-éisteacht,” ar sí. “Mé ag druidim le dúnadh na hoíche. Sea, dúnadh! Ar ndóigh, ba é ba dhúnadh ann sa sean-am ná tarraingt na dtéad uile le chéile chun go ndéanfaí snaidhm shníofa de gach snáth a d’imigh roimhe. É mórán mar a bhíonn ag an Turcach agus táipéis bhalla nó urláir á sníomh aige, go ndéanann sé snaidhm den uile théad den táipéis sin ar deireadh. ‘Snaidhm na Críche’ is nós le ceardaithe na Tuirce a thabhairt uirthi. An cuar deiridh a dhúnann an ciorcal, ar bhealach, mar a bhíodh de nósmhaireacht ag na Ceiltigh ina gcuid scéalaíochta. É mar atá, ar bhealach, ina gceardaíocht ag bundúchasaigh  Alyawarre agus Anmatyerre na hAstráile, bundúchasaigh Huron agus Sioux Mheiriceá Thuaidh, treabhanna Yoruba agus Maasai na hAfraice, agus mórán eile nach iad. Críoch atá ar aon tábhacht leis an Tús, mar, ar deireadh, ba mar a chéile iad. Manacca, mar a thugadh muintir an Iriquois air tráth. Manacca – an pointe ag a dtagtar nuair is ionann dúnadh agus oscailt – nuair is ionann oscailt agus uasoscailt, nó an téarma ar a dtugaimidne ‘fuasoscailt’, i.e. ‘fuascailt’. Agus is í ‘an fhuascailt’ ardphointe na beatha. Ardphointe gach aon tréith ar labhair mé air go nuige seo istoíche. Iarracht, Oidhreacht, Creideamh, Teanga agus an uile eile díobh, seolann siad i dtreo na fuascailte sinn, ach breith orthu mar dhúshláin agus mar chodanna riachtanacha dár ndéanamh. Fuascailt choirp, fuascailt mheoin, fuascailt anama, fuascailt gach aon ghné den spiorad agus den déanamh daonna atá ionainn – Uilíochas na Fuascailte, a scaoileann sinn chun ár ndúthracht a thabhairt agus ár ndícheall a dhéanamh, ’s gan muid á n-áireamh sin mar dhúthracht nó mar dhícheall, ach mar chúrsa ceart cuí.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.