Róisín Seoighe, Guth na Gaeltachta ag spreagadh glúin nua

Jenna Goulding

Róisín Seoighe ag láinseáil Seachtain na Gaeilge 2026.
Grianghraf: Conor McCabe

Tá Seachtain na Gaeilge 2026 ag druidim linn go luath agus is tá Róisín Seoighe, amhránaí sean-nóis as Conamara, ar dhuine de na hambasadóirí i mbliana. Ní raibh sí ach seacht mbliana d’aois nuair a bhí sí ar Sheó na mBreágán ar RTÉ. Thaistil sí go Learpholl mar chuid de thoscaireacht chultúrtha Éireannach leis an uachtarán ag an am, Máire Mhic Ghiolla Íosa, in 2008. Sheinn sí i Halla Naomh George nuair a bhí sí i Learpholl, Príomhchathair Chultúir na hEorpa ag an am. Thosaigh Seoighe ag cumadh agus ag seinm a cuid ceoil féin i nGaeilge. D’ainmnigh Nós í do ghradam ealaíontóra ag teacht chun cinn in 2017, agus bhuaigh sí Amhrán na Bliana le Gael Linn sa bhliain chéanna dá hamhrán Sín do Lámh. Is príomhamhránaí leis an mbanna IMLÉ í Seoighe. D’eisigh an banna albam nua cúpla mí ó shin dar teideal Taoille.

Ag caint le An Páipéar, dúirt Seoighe go bhfuil a ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge fíorthábhachtach di go pearsanta, mar gur as an nGaeltacht í agus gur tógadh le Gaeilge í ón gcliabhán. Bhí an teanga mar chroílár a saoil sa bhaile agus sa phobal, agus bhí an ceol i gcónaí le cloisteáil sa teach. Mhínigh sí gur mhúnlaigh an t-atmaisféar sin a grá don amhránaíocht agus don chultúr Gaelach. 

Ag labhairt di faoi ról an cheoil, dúirt Seoighe gur uirlis chumhachtach é chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar go nascann sé daoine ar bhealach nádúrtha. Is féidir an teanga a dhéanamh beo, bríomhar agus tarraingteach do dhaoine óga trí amhráin agus léirithe. Tá sí ag obair mar oifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht i nGaillimh agus i Maigh Eo, ag tabhairt cuairte ar scoileanna agus ag eagrú gníomhaíochtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc páistí. Molann sí do gach duine freastal ar imeachtaí áitiúla de chuid Sheachtain na Gaeilge. Beidh Seoighe í féin ag freastal ar imeachtaí áitiúla agus ina theannta sin beidh sí ar an bpainéal ag Fís.

Dúirt Seoighe gurbh é a hathair a mhúscail a grá don cheol ar dtús agus gurbh é a príomhinspioráid. Bhí sí an-tógtha leis an amhránaí sean-nóis as Conamara, Sarah Ghriallais, agus í ag fás aníos. Mar pháiste bhain sí taitneamh freisin as ceol Taylor Swift, a spreag í chun amhráin phearsanta a chumadh faoina saol féin. 

Dar le Seoighe, tá fás suntasach tagtha ar an spéis sa cheol Gaeilge le blianta beaga anuas. Feiceann sí é ag éirí níos coitianta i stíleanna éagsúla ceoil, rud nach raibh chomh feiceálach nuair a thosaigh sí féin amach. Ag an am sin, ní raibh ceol Gaeilge chomh faiseanta ná chomh forleathan. Anois, áfach, meastar é a bheith tarraingteach do ghlúin nua. Creideann sí go bhfuil ealaíontóirí ar nós Kneecap tar éis ardán idirnáisiúnta a thabhairt don Ghaeilge agus í a chur os comhair lucht éisteachta níos leithne. 

Ag labhairt faoina spriocanna, dúirt Seoighe gur bhreá léi a halbam féin a chruthú amach anseo, cé go n-aithníonn sí gur obair mhór é sin a éilíonn am agus díograis. Mar ambasadóir do Seachtain na Gaeilge agus mar cheoltóir, tá sí tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna nua a chruthú di féin agus do dhaoine eile. Molann sí do dhaoine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid ina saol laethúil gan eagla a bheith orthu botúin a dhéanamh. Tugann sí misneach dóibh siúd atá cúthail faoi cheol a chumadh chun an deis a thapú agus chun rud éigin a chumadh, fiú píosa beag. Creideann sí go bhfuil todhchaí gheal roimh cheol na Gaeilge.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.