Rialaigh an tOmbudsman gur theip ar na póilíní maidir lena ndualgais nuair a gabhadh bean ag agóid ar son na Palaistíne
Gabhadh Máire Mhic an Fhailí, 74, i mí Lúnasa 2025 ag agóid ar son na Palaistíne. Bhí sí ag caitheamh T-léine Palestine Action agus labhair sí i nGaeilge leis na póilíní nuair a cuireadh stop uirthi.
Fiafraíodh a hainm agus a seoladh baile di agus thug Máire na sonraí sin i nGaeilge.
Dúirt Amnesty International ag an am faoin eachtra go raibh sé scannalach gur gabhadh í.
Nuair a fiafraíodh de na póilíní faoin fháth nár bhain siad úsáid as seirbhís aistriúcháin dúirt siad nach raibh sé cuí mar gheall ar an agóid a bhí ar siúl ag an am.
Sa chás a bhí ar siúl ag deireadh mhí Eanáir d’aithin an tOmbudsman nach ndearna na hoifigigh aon iarracht aistriú nó fíorú a dhéanamh ar na sonraí a thug sí i nGaeilge, in ainneoin aitheantas reachtúil don Ghaeilge faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, agus dualgais a bhaineann leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
Dúirt an tOmbudsman gur theip ar na póilíní a ndualgais a chomhlíonadh san eachtra.
Chuir dlíodóirí na mná, KRW Law, fáilte roimh an chinneadh, ag rá go raibh gearán Mháire bunaithe ar theip na bpóilíní teagmháil a dhéanamh léi nuair a labhair sí i nGaeilge, agus go raibh sé dímheasúil agus díspeagúil.
Dúirt siad fosta go raibh sé suntasach mar d’aithin an cinneadh an tábhacht shuntasach agus riachtanach a bhaineann le cearta teanga i gcleachtas póilíneachta.
Dúirt na dlíodóirí go ndéanann an cás fasach do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) maidir le glacadh agus meas don Ghaeilge, agus nár chóir aon eachtra mar seo a fheiceáil arís.
Ghlac an SPTÉ leis an mholadh ón Ombudsman agus beidh an t-oifigeach a ghabh í faoi réir ghníomh araíonachta.
Chomh maith leis sin chur an tOmbudsman moladh polasaí chuig SPTÉ, ag cur an Achta Féiniúlachta san áireamh, maidir leis an dóigh b pléann a n-oifigigh le baill den phobal a bhfuil Gaeilge acu.
Luaigh SPTÉ go mbeidh siad ag déanamh athbhreithniú ar na moltaí a tháinig chun tosaigh agus go nglacfar deiseanna foghlama chun feabhas a chur ar phóilíneacht sna sé chontae amach anseo.
Dúirt Máire Mhic an Fhailí go bhfuil sí ag súil go mbeidh níos mó measa don Ghaeilge i measc na bpóilíní mar gheall ar an rialú.