
De réir mar a luascann an Eoraip idir ceiliúradh gan bhunús ar an eiteach a tugadh do Trump maidir le taraifí agus anró mór faoin díscor soiléir atá tagtha ar na Stáit Aontaithe ón Eoraip, agus í ag imeacht le sruth gan aon aidhm, straitéis ná cuspóir soiléir, tagann fíric lom i dtaobh mheath eacnamaíoch na hEorpa chun cinn níos mó ná riamh.
Is é an teip ar nuálaíocht an príomh-mhíniú ar an meath seo, agus an Ghearmáin, cumhacht thionsclaíoch na hEorpa, agus a hearnáil cheannasach déantúsaíochta gluaisteán, á fáisceadh idir an tSín, atá thar a bheith iomaíoch, agus Stáit aontaithe Mheiriceá, a d’íobródh gach duine agus gach rud lena leasanna féin a chosaint.
Tráth bhí an Eoraip i lár an domhain fhorbartha, faoi cheannas Mheiriceá, sea, ach fós cumhachtach agus tionchar mór aige ar gheilleagar an domhain.
Ní mar sin atá inniu.
Tá meath suntasach tagtha ar sciar na hEorpa den olltáirgeadh domhanda agus tá fócas na trádála aistrithe ón Eoraip agus an domhan thuaidh go dtí an tSín agus an domhan theas.