Aoife Granville

Táimid tagtha ó lá in omós do Naomh Bríd go lá pátrúin in omós do Naomh baineann speisialta eile, is í sin Gobnait. Tá caidreamh ar leith ag pobail Inis Oírr, Dhún Chaoin agus Bhaile Bhuirne léi agus is ar an 11 Feabhra a dheintear ceiliúradh ar Naomh Gobnait sna ceantair sin. Is í Gobnait naomhphátrúin na mbeach agus na mbeachadóirí chomh maith le bheith luaite go mór le cneasú. 

Tuigtear gur mhair Gobnait sa séú haois agus gur sa cheantar ina bhfuil Contae an Chláir inniu a d’fhás sí aníos. Chun éalú ó choimhlint chlainne thaisteal sí go Inis Oírr. Fad is a bhí sí ansin, tháinig aingeal chuici i bhfís agus dúradh léi go socródh sí síos san áit ina bhfaigheadh sí 9 bhfia bhána. Thaistil sí chomh fada le Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, áit ar fhan sí ar feadh tamaill, ach ní raibh radharc aici ar na fianna bána. Do thaistil sí arís agus chuaigh sí chomh fada le Baile Bhuirne, áit go bhfaca sí na fianna bána sin. Is ansin a shocraigh sí síos agus bhunaigh sí mainistir ann. Cosúil le Naomh Bríd, bhí sí i gcónaí luaite le cneasú, go háirithe d’fhadhbanna a bhain leis an scórnach agus an guth. Deirtear leis gur chuir Naomh Gobnait an ruaig ar ghadaithe a tháinig go Baile Bhuirne agus chabhraigh na beacha go mór léi fáil réidh leo. 

I nDún Chaoin i gContae Chiarraí tá Tobar Ghobnatan in áit an-speisialta, dhraoíchtúil, le radharc álainn amach ar na Blascaodaí. Deintear ceiliúradh ar Ghobnait ansin go bliantúil le turais ar an tobar, Aifreann agus coirm cheoil ag leanaí Scoil Dhún Chaoin ar an 11 Feabhra. Cosúil le toibreacha beannaithe eile, bíonn deasgnátha áirithe bainteach leis an gcuairt agus paidreacha ar leith le rá ag pointí éagsúla. Is ag an tobar leis atá dealbh álainn de Ghobnait deartha ag an dealbhadóir iomráiteach Cliodhna Cussen. 

Tá gean ar leith ag muintir Bhaile Bhuirne ar Naomh hobnait, áit gur bhunaigh sí a mainistir, agus bíonn na sluaite ann gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh uirthi. Bíonn turais á dtabhairt ar Scrín Ghobnatan, áit go bhfuil uaigh Ghobnait chomh maith le dealbh mór den Naomh. Tá radharc ag dealbh Ghobnait ar reilg Ghobnatan ar fad agus is ann, i measc móran de mhuintir na háite, atá leaba ag Seán Ó Ríordáin, Liam Ó Muirthile agus Seán Ó Riada. Is áit fhíorspeisialta é seo agus ní haon iontas go mbíonn daoine ag tabhairt cuairt ar an reilig agus ar an scrín go minic. Tá an tobar in aice láimhe leis agus áit chomh suaimhneach ní thánag trasna air. 

Traidisiún breise atá bainteach le Gobnait agus Baile Bhuirne ná tomhas Ghobnatan. An tomhas is ea ribín go bunúsach ach ar Lá ’le Gobnait tugtar amach dealbh de Ghobnait i mBaile Bhuirne roimh an Aifreann. Dealbh adhmaid is ea é seo a théann siar go dtí an dóú haois déag agus tomhaiseann daoine an dealbh leis na ribíní. Cuirtear na tomhais timpeall ar phointí éagsúla den dealbh agus deirtear, cosúil leis an mbrat bhríde, go bhfuil cumhacht cneasaithe ag an dtomhas ansin. Go minic bíonn na tomhais le feiscint sna cairteacha (nó carranna, mar a deirtear in áiteanna eile), cuirtear sna málaí taistil iad agus tugtar do dhaoine atá ag dul trí chúram sláinte iad le beannachtaí ó Ghobnait. Nuair a chaitheas féin seal ag obair i mBaile Bhuirne chuir sé iontas orm an creideamh láidir a bhí ag muintir na háite i Naomh Ghobnait. Is go Gobnait a théann na paidreacha ar fad agus muinín ar leith ag muintir na háite inti. 

Le blianta beaga anuas, tá Féile Ghobnatan forbartha timpeall ar an lá pátrúin i nGaeltacht Mhúscraí agus clár álainn lán de ceardlann, léachtaí, ceol agus siúlóidí ar bun. Chaitheas maidin Dé Domhnaigh mé féin i gCúil Aodha agus Baile Bhuirne don fhéile. Is na tomhais i mo phóca agam, bhraitheas mar bhall de threabh Ghobnait mé féin is sinn ar fad ag éisteacht le laochra Chór Chúil Aodha ag canadh iomann álainn in omós do Ghobnait, focail a scríobh Siobhán Uí Cheallaigh: 

‘A Ghobnait ársa, is tú ár bpátrún,
Go ndúirt guth Dé leat is tú id’ chailín óg,
Bheith ag siúl na dtriúchta go bhfeicfeá i ngrúpa
Ar mhóinteán úr-ghlas, naoi bhfianna bán.
Ar do thoisc ó Árainn gur shroisis Dún Chaoin,
D’fhan seal san áit sin is bheannaigh cách,
Is thug Dia solás duit ar do shlí go Múscraí
A Ghobnait naofa, múin toil Dé dhúinn.’


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.