
Is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge, i bhfine na dteangacha Ceilteacha, ceann amháin de na finte teangacha Ind-Eorpacha i measc finte teangacha Ind-Eorpacha eile: Gearmánach, Iodálach/Rómánsach, Baltach-Slávach, Ind-Iaránach, Airméanach agus Albánach, idir eile.
Ba leis an bhfine Cheilteach a bhain teangacha i réigiún ó lár na hEorpa go dtí réigiúin ina bhfuil inniu cuid den Iodáil, an Eilvéis, an Fhrainc agus an leithinnis Ibéarach. Agus ar ndóigh, an Bhreatain agus Éire. Níl fágtha beo díobh go léir inniu ach an Bhriotáinis ar mhór-roinn na hEorpa, an Bhreatnais, an Choirnis agus Gaeilge na hAlban sa Bhreatain, Gaeilge Mhanann ar Oileán Mhanann, agus ar ndóigh an Ghaeilge in Éirinn.
Is mar gheall ar chosúlachtaí áirithe idir na teanga sin agus teangacha eile a áirítear iad mar theangacha Ind-Eorpacha. Tugann an rangú sin le tuiscint go bhfuil teangacha na fine Ceiltí gaolta le teangacha eile Ind-Eorpacha, agus ba cheart cuid de na naisc sin a bheith le feiceáil sa Ghaeilge, agus tá.
Tá naisc le feiceáil idir an Ghaeilge agus teangacha Iodálacha/Rómánsacha, is iad sin Caistílis na Spáinne, an Fhraincís, an Iodáilis, an Rómainis, an Chatalóinis agus eile.
Tá cosúlacht le feiceáil sna huimhreacha ó a haon go dtí a deich sa Spáinnis: uno, dos, tres, cuatro, cinco, seis, siete, ocho, nueve, diez.
Chomh maith leis an gcosúlacht idir na dteangacha i bhfuaimiú na n-uimhreacha i gcoitinne, tá na túslitreacha mar an gcéanna nó cosúil le chéile: a/u, d/d, t/t, c/c, c/c, s/s, s/s, o/o/ n/n, d/d. Is mar gheall ar chosúlacht fhuaimniú na n-uimhreacha lena chéile, i measc cosúlachtaí eile, a áirítear na teangacha san fhine Ind-Eorpach. Ach is gaire ar fad na teangacha Iodálacha/Rómánsacha leis an nGaeilge ná, mar shampla, an Ghearmáinis: eins, zwei, drei, vier, fünf, sechs, sieben, acht, neun, zehn.
Tá gaol i bhfad níos láidre fós le feiceál idir na focail a chuireann ceist in iúil. Seachas ceann amháin (an), is leis an litir C a thosaíon siad go léir i nGaeilge agus is le fuaim chomhchosúil (le heisceacht amháin i gcónaí freisin) a thosaíonn na ceistfhocail sna teangacha Iodálacha/Rómánsacha. Féach mar shampla “cad”: que, quoi, che (fuaim C chrua san Iodáilis), “cé”: quien, qui, chi. Fuaimeanna eile ar ar fad atá i gceist leis an nGearmáinis: was, wer, iad cosúil leis an mBéarla, what, where.
Tabhair faoi deara freisin gur dual dúinn an aidiacht a chur tar éis an ainmhfhocail, rud a dheintear sna teangacha Iodálacha/Rómánsacha freisin: ‘poll dubh’ nó ‘linn dhubh’ againne (agus Poul Dhu, logainm sa Bhriotáin!) chomh maith le pozo negro sa Spáinnis. Ach a mhalairt atá amhlaidh sa Ghearmáinis agus sa Bhéarla, mar atá ‘schwarzer pool’ agus ‘black pool’ (logainm Shasanach freisin).
Chomh maith leis sin tá na huimhreacha ó a haon go dtí a deich sa Hiondúis agus san Urdúis an-chosúil leis an nGaeilge. Maidir leis na focail chun ceist a chur in iúl sna teangacha sin, seo iad, de réir chuardach Google:
Cé – कौन (Kaun); Cad – क्या (Kya); Cá háit – कहाँ (Kahan); Cathain – कब (Kab); Conas/ Cén chaoi – कैसे (Kaise); Cé acu – कौन-सा / कौन-सी (Kaun-sa / Kaun-si – Fireann/Baineann); Cén fáth/ Cad chuige – क्यों (Kyun).
Is leis an bhfofhine Ghaelach den fhine Cheilteach a bhaineann an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus an Mhannainis, agus leis an bhfofhine Briotainic a bhaineann an Bhreatnais, an Choirnis agus an Bhriotánais. Cloíonn fuaimniú na n-uimhreacha acusan leis an ngaol idir uimhireacha na dteangacha Gaelacha agus na dteangacha Iodálacha, ach amháin uimhir a cúig: pump (Breatnais), pymp/ pympes (Coirnis) agus pemp (Briotánais). Aisteach sin go leor ‘P’ a bheith mar thús-litir na huimhreach sin ag cuid de theangacha Ceilteacha ach C sna teangacha Gaelacha agus sna teangacha Iodálacha. Ach níos aistí fós: paanch (fuaimiú Bhéarla an ‘ch’) atá sa Hiondúis agus panch atá san Urdúis!