Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Michael Spencer /Flickr
San alt seo beimid ag foghlaim faoin amhránaí iomráiteach Lady Gaga.
Rugadh Stefani Joanne Angelina Germanotta in Manhattan, Nua-Eabhrac, in 1986. Is de shliocht Iodálach í. Rinne sí cur síos ar a teaghlach mar chlann meánaicmeach. D’fhreastal sí ar scoil lánchailíní phríobháideach darb ainm Clochar an Chroí Ró-Naofa. Dúirt sí gurbh éigean a bheith díograiseach sa scoil agus d’éirigh go maith léi, ach bhraith sí mímhuiníneach.
Bhí paisean aici don cheol agus í óg. Thosaigh sí ag seinm ar an bpiano ag aois 4. Lean sí leis an uirlis agus d’fhreastail sí ar ranganna i rith a hóige ar fad. D’fhoghlaim sí conas ceol a léam,h ach is fearr léi ceol a sheinm ó chluas. In 2001 bhí ról beag aici sa tsraith teilifíse The Sopranos mar dhalta scoile. In 2003 glacadh isteach go hOllscoil Nua-Eabhrac í. Rinne sí staidéar ar an gceol, agus chuir sí snas ar a cuid scileanna ceoil. Chomh maith leis sin, scríobh sí aistí ar thopaicí ar nós an reiligúin, na polaitíochta, agus cúrsaí reatha. Bhí uirthí titim amach ón ollscoil chun diriú ar a gairm sa cheol.
Fuair sí a hainm stáitse ó chara léi a raibh sé de nós aige Radio Ga-Ga a ghlaoch uirhtí. Uair amháin d’athraigh uathéacs radio go Lady agus sin a chaoi a bhfuair sí a hainm. Tá cáil uirthi mar gheall ar na héadaí thar fóir a chaitheann sí. Is meascán a cuid ceoil de popcheol agus rac-cheol glam de chuid Queen. Dár léi is iad David Bowie agus Freddie Mercury a laochra ceoil a thug spregadh di.
Ceisteanna buntuisceana
- Scríobh dhá phíosa eolais faoi luathshaol Lady Gaga.
- Cathain a rugadh í?
- Cén uirlis cheoil a sheineann sí?
- Cén tslí is fear léi ceol a chasadh?
- Bhí ról beag aici i cén tsraith teilifíse?
- Cén fáth ar thit sí amach ón ollscoil?
- Luaigh trí rud a raibh uirthí aistí a chumadh orthu?
- Conas a fuair sí a hainm stáitse?
- Cé hiad a laochra ceoil?