Ionchoisne maidir le bás Noah Donohoe sa dara seachtain agus finnéithe ag tabhairt fianaise

Chualathas ó roinnt finnéithe súl an tseachtain seo maidir leis na laethanta timpeall bhás an déagóra

Jack Mac Íomhair

Tá an t-ionchoisne maidir le bás Noah Donohoe, a thosaigh an tseachtain seo caite, ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. 

I ndiaidh don ghiúiré a bheith roghnaithe san ionchoisne, tá an Breitheamh Rooney ag éisteacht le finnéithe súl maidir leis na laethanta roimh agus i ndiaidh bhás Noah. 

Dúirt Kerry Fraser leis an ionchoisne an tseachtain seo caite gur shíl sí gur cleas Lá na nAithreacha a bhí ann nuair a chonaic sí an déagóir ag rothaíocht nocht i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an lá a ndeachaigh sé ar iarraidh. 

Dúirt Fraser go raibh sí ina teach, ar Bhóthar na Coille Thuaidh, ag labhairt lena mac nuair a chonaic siad Donohoe ar rothar. 

Nuair a sheiceáil siad an bóthar níos moille chonaic siad éadaí Noah ar an chosán agus ar bharr balla. Chonaic siad a rothar fosta ag barr an cul de sac.

Chuir Fraser agus a mac glaoch ar na póilíní nuair a chonaic siad an achainí uathu maidir leis an déagóir. 

Ag tús na seachtaine seo chualathas ó sháirsint David Murphy, an chéad phóilín a bhuail le máthair Noah Donohoe, Fiona, i ndiaidh di a thuairisciú go raibh sé ar iarraidh. 

Rinne sé cur síos ar an dóigh a ndearna siad an fiosrúchán ar an chás. Dúirt Murphy leis an ionchoisne gur thug sé cuairt ar theach an teaghlaigh ar an oíche a ndeachaigh Noah ar iarraidh agus go ndúirt Fiona go raibh a mac iontach mothúchánach an tseachtain roimhe. 

Dúirt sí leis an phóilín go raibh a mac ag tabhairt barróg agus póg di agus ag insint di faoin ghrá a bhí aige di. 

Chuaigh Donohoe ar iarraidh ar an 21 Meitheamh, agus thángthas ar a chorp sé lá i ndiaidh sin, ar an 27 Meitheamh i ndraein áir i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Leanfaidh an t-ionchoisne ar aghaidh an tseachtain seo chugainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.