Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie.


Dé hAoine an 20 Feabhra

Seoladh an teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
leis an Aire Dara Calleary TD
11 am go 1 pm
Áislann Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, F26 W5H0
RSVP communications@msletb.ie

Seoladh leabhair Beart le Briathar: Priosún, Cearta Daonna & Conradh na Gaeilge 1971-2000
le hEoghan Mac Cormaic á sheoladh ag Máirtín Ó Muilleoir ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge
6pm
Óstán Europa, Béal Feirste
Eolais ag www.pluid.ie / 085-7187678

Club Trad le CCÉ Craobh Dhoire
7 go 10 pm
Mar cheoltóir nó éisteoir, cibé acu atá tú díreach ag toiseacht nó muiníneach go leor mar atá, beidh fearadh na fáilte romhat ag an bheár sa Chultúrlann an dara hAoine dheireanach de gach mí, ón 20 Feabhra ar aghaidh. Faoi stiúir ceoltóra dhifriúil gach mí, is féidir leat a bheith ag súil le seisiún mall idir a seacht go dtí a hocht, agus gnáthsheisiún idir a hocht go dtí a deich (nó níos moille má tá an chuideachta maith), chomh maith le comhluadar tacúil in atmaisféar fáiltiúl.
Eolas ag Saoirse@culturlann.org

Dé Sathairn an 21 Feabhra

Ceolchoirm Ghaeilge leis an Brad Pitt Light Orchestra
Cuirfear sóláistí ar fáil ó a 19:00. Tosóidh an cheolchoirm ag a 19:30.
Iarsmalann na nDaoine, Luimneach, V94 HF53
Ticéid €10 ó https://comhluadar-luimnigh.sumupstore.com/product/ceolchoirm-bplo
Eolas ó Ava ag 089-4106637 nó eolas@comhluadarluimnigh.ie

Gairdín Pharthais den chéad uair in Éirinn
8 pm
An Taibhdhearc, Gaillimh
Scannán clasaiceach grinn gan fuaim ó 1928
Beidh idirtheidil ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla
Ceol beo agus manglaim
Ticéid €12 ag antaibhdhearc.ie

Ceolchoirm bheo le Clann Mhic Ruairí agus Super Ceilí
9.30 pm go mall
Óstán Europa, Beal Feirste
Eolas ag bronagh@cnag.ie

Dé Domhnaigh an 22 Feabhra

Siúlóid Sléibhe Ghleann Crí

Tosófar an tsiúlóid seo ag 10 am

Siúlóid sléibhe mheánach Chluaine (Gleann Crí), Slí Chualann Nua, Suíochán an Phrionsa Liam, Cnoc na gCon, Sliabh Ghleann Dubh, an tSeanbhuaile.
Fad 13.5 km, dreapadh 500 m, 4.5 uair an chloig ag siúl
Áit chruinnithe ag Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Halla Clifton, Éircód D02 XP89, http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 9 am go cruinn. 

Tús na siúlóide ag ionad páirceála ag Cluain i nGleann Crí, ar an mbóthar idir Áth na Sceire agus Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí.
​Tagairt eangaí O 174 170 nó  N53.1904, W6.2439
Bí ann ag 9.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10 am.
Treoraí Seán

Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com, lá roimh ré.

Treoracha go dtí tús na siúlóide:

Téigh go dtí Áth na Sceire. In Áth na Sceire gabh an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Sroichfidh tú carrchlós Chluana ar an taobh clé tar éis 9 km, 1 km tar éis charrchlós Bhaile Mhic Thorcail.

Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Neamhbhaill

Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Tob-Ghaeltacht
6 go 8 pm
Mary Margarets, Baile Hill
Saor in aisce
Arna eagrú ag Glór Uachtar Tíre mar chuid de The Gathering – Féile scealaíochta Bhaile Hill

Seisiún amhránaíochta
8.30 pm
Tigh Phádraicín sna Forbacha
Tae, caifé agus sólaistí saor in aisce

Dé Luain an 23 Feabhra

Ranganna comhrá
Gach Luan ón 23 Feabhra go an 20 Aibreáin
Tosaitheoirí 7 go 8 pm
Meánleibhéal 8 go 9 pm
Ionad Pobail Mhóin Réad, Ascaill an Mhaidilín, an Nás, Co. Cill Dara
€60 in aghaidh an chúrsa
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Cruinniú poiblí pleanála teanga cheantar Mhaigh Cuilinn
7 pm
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn, H91TN9E
Eolas 085-8504935 / gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Seiteanna sa Spidéal
Gach Luan 7.30 go 9 pm
Coláiste Chonnacht
Glac misneach agus bí linn, beidh fáilte romhat!

Dé Máirt an 24 Feabhra

Seanchas na hEachléime
6.30 pm
SOLAS, Eachléim
Tae, soláistí & comhrá.
Eolas eimear@gaeilgeiorrais.ie / 085-2503321
Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais i gcomhar le CFID & foireann SOLAS.

Ranganna Gaeilge do thosaitheoirí
8.30 pm
Gaelcholáiste Cheatharlach
Eolas ó Emma 085 1340047 nó Bríde 087 2857048 nó emma@glorcheatharlach.ie
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach

Dé Céadaoin an 25 Feabhra

Ciorcal comhrá
10:30am go 12:30pm
Seomra Tae, Mullach Íde

Ióga le Agatha do thuismitheoirí is páistí
6 go 7.30 pm
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg
Bailigh an teaghlach le chéile agus aimsigh suaimhneas i gcuideachta a chéile ag ár seisiúin ióga saor in aisce
Clarú le Siobhán 085-8339491
Beir leat mata ióga nó tuáille, uisce agus éadaí compordacha
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ciorcal comhrá
8 go 9 pm
Seomra teaghlaigh, Áras Pobail Ráth Chairn
Fáilte roimh fhoghlaimeoirí ag an meánleibhéal agus ag an ardleibhéal
Saor in aisce
Arna eagrú ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.