
Tá Ollscoil na Gaillimhe tar éis cur lena gcartlann le hábhar tábhachtach digiteach nua, nuachtán An Gaodhal. Tagann foilsiú an ábhair nua seo sna sála ar fhoilsiú digiteach cartlann Chonradh na Gaeilge san ollscoil, rud a chuir go mór leis an ábhar Gaeilge san ollscoil, agus foilsiú roinnt litreacha imirceacha i nGaeilge mar chuid den chartlann Imirce.
Ba mhaith an rud é dá leanfadh an ollscoil ar aghaidh ag tabhairt ábhar Gaeilge mar seo isteach ina seilbh, óir bhí sé i gceist gur ollscoil dhátheangach a bheadh inti i gcónaí.
Bunaíodh An Gaodhal in 1881 i Nua-Eabhrac. Ba é an scoláire agus gníomhaí teanga Mícheál Ó Lócháin a bhunaigh agus ba í an iris ba thábhachtaí dá ré í i measc phobal na n-imirceach. Irisleabhar dátheangach a bhí ann agus foilsíodh ailt i nGaeilge agus i mBéarla, agus é dírithe ar phobal a bhí ag iarraidh an teanga a chothú i dtír nua. Sna 1890í meastar go raibh thart ar 40% de chainteoirí Gaeilge an domhain ag cur fúthu i Meiriceá. B’ionann sin agus 400,000 duine; bhí 70,000 acu siúd lonnaithe i Nua-Eabhrac.
Léiríonn na heagráin scéalta pearsanta, ceachtanna agus díospóireachtaí teanga, tuairiscí ar chruinnithe poiblí, agus fógraí ó chumainn Ghaelacha ar fud na Stát Aontaithe. Dhírigh eagarfhocal an chéad eagráin, a scríobh Ó Lócháin dar ndóigh, ar stádas na Gaeilge i leith an Bhéarla go stairiúil agus ar na hiarrachtaí a rinneadh an Ghaeilge a scrios trí chóras na scoileanna náisiúnta, ceist a bhí ag dó na geirbe ar go leor de lucht na hathbheochana. D’fhéadfá rá, b’fhéidir, go raibh an iomarca béime ar na scoileanna náisiúnta mar an príomghléas a scrios an teanga, agus gur ligeadh i ndearmad na ceisteanna socheacnamaíochta, tuairim a raibh tionchar aige ar pholasaí an tSaorstáit i leith na Gaeilge.
In eagráin eile tá comhfhreagras faoi staid na Gaeilge agus na litríochta Gaeilge i gcathracha éagsúla sna Stáit Aontaithe le fáil, mar shampla Chicago. Feictear chomh maith tuairiscí ó imircigh nua as Éirinn ar mheon an phobail i leith na Gaeilge sa bhaile. Tuairiscítear in eagrán 10, 1882, mar shampla, go raibh cuid de mhuintir na tuaithe i gConnacht agus Mumhan “ag diúltú plé leis na siopadóirí sna bailte mura raibh Gaeilge ar a dtoil ag na cléirigh”.
Níorbh aon nuachtán neamhpholaitiúil é An Gaodhal, a phléigh cúrsaí teanga amháin. In eagrán a foilsíodh sa bhliain 1898, feictear an nuachtán ag gearán gur thug uachtarán Chomhlachas Tráchtála Nua-Eabhrac sláinte don Bhanríon Victoria ag ócáid den eagraíocht. Dúradh sa nuachtán gur chóir an té sin “a chur isteach sa phríosún agus deireadh a chur leis an gComhlachas Tráchtála”. Tá neart ábhair eile sna heagráin a thugann léargas ar pholaitíocht na nGael-Mheiriceánach agus na n-eagraíochtaí lena raibh siad bainteach.
Go dtí seo, bhí rochtain ar an ábhar seo teoranta do chartlanna speisialta agus bailiúcháin phríobháideacha. Sa tionscadal nua tá na mílte leathanach scanta, glanta, agus curtha ar fáil saor in aisce. Tá an t-ábhar éasca teacht air, rud a ligeann do scoláirí agus don phobal staidéar a dhéanamh ar athruithe litrithe, ar chanúintí, agus ar úsáid na Gaeilge i bpobal imirceach a bhí ag streachailt lena bhféiniúlacht a chaomhnú. Baineadh leas as an intleacht shaorga chun an cló Gaelach a léamh agus a chuardach, rud a ligeann do thaighdeoirí díriú isteach ar théamaí ar leith go sciobtha. Bheadh sé go maith an gléas céanna a chur in oiriúint do nuachtáin eile amhail An Claidheamh Soluis, amach anseo.
Tá an tionscadal seolta tráth ina bhfuil suim ar leith sa Ghaeilge i measc an diaspóra agus ina bhfuil institiúidí acadúla ag iarraidh bearnaí sa taighde i dtaobh na Gaeilge de a líonadh. Tríd an gcartlann dhigiteach seo, tá guthanna na nGael i Meiriceá le cloisteáil mar chuid bheo dár stair chomhchoiteann.