Tá taibhse ag cur eagla ar thírdhreach na teicneolaíochta domhanda, ceannasacht dhigiteach.
Ar an 26 Eanáir 2026 d’fhógair an Fhrainc go ndéanfaidh siad Microsoft Teams agus Zoom a dhíbirt agus go n-athrófar na hardáin seo go ardán fís-chomhdhála náisiúnta, a bheidh in úsáid i ngach roinn rialtais faoi dheireadh na bliana seo chugainn. Ach ní cinneadh aonair é seo. Is cuid é de ghluaiseacht níos leithne ar fud na hEorpa i dtreo neamhspleáchas digiteach ó fhathaigh theicneolaíochta na Stát Aontaithe.
“Lasc cumhachta”
Tháinig an t-athrú chun cinn anuraidh nuair a chuir rialtas Trump smachtbhannaí ar phríomh-ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (CCI), Karim Khan, tar éis don chúirt barántas gabhála a eisiúint do Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu. D’fhág smachtbhannaí Trump go raibh ar Microsoft a chuid seirbhísí ríomhphoist don CCI a bhlocáil. Tá an chúirt lonnaithe sa Háig agus is as as an Ríocht Aontaithe é Khan.
Spreag an eachtra le ríomhphost Khan eagla faoi “lasc cumhachta”, gur féidir cuideachtaí móra teicneolaíochta a úsáid chun seirbhís a stopadh de rogha an lae. De réir tuairiscí, tá pairilis ar an gcúirt de dheasca na smachtbhannaí, agus ní féidir le himscrúduithe éagsúla leanúint ar aghaidh.