Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís. Beidh go leor imeachtaí ar siúl i rith an chéad lae de Mhárta suas go lá Fhéile Pádraig. Dar ndóigh, is é an phríomhtheachtaireacht an Ghaeilge a úsáid i rith na tréimhse sin cibé méid atá agat. Ach ar nós coileán a fháil um Nollaig, níl an Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge amháin. Tá an Ghaeilge le húsáid ar feadh shaoil ar fad. Cinnte, úsáid Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus bíodh sé mar spreagadh d’fhoghlaimeoirí níos mó Gaeilge a úsáid. Tá gach duine ina fhoghlaimeoir Gaeilge, is cuma cén leibhéal atá acu. 

Tá liosta na n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge ar fáil san eagrán seo. Ach nuair a thagann an 18 Márta ná stop de bheith ag úsáid do chuid Gaeilge. Úsáid Seachtain na Gaeilge mar spreagadh duit níos mó Gaeilge a úsáid go dtí go bhfuil tú ag an staid gur saol trí Ghaeilge atá agat, mar a deir an nath cainte sin. Teir go ciorcal comhrá nó tob-Ghaeltacht, bí ag breathnú ar TG4, Cúla 4 do na páistí, nó na cláir Ghaeilge ar na stáisiúin teilifíse eile. Éist le Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí-Rá, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, bí ag léamh An Páipéar, Tuairisc.ie, Comhar agus na forlíontaí Gaeilge sna nuachtáin éagsúla. 

Tá go leor eagraíochtaí ann a úsáideann Gaeilge mar chuid dá n-imeachtaí ar nós na nGael Óg agus Laochra Loch Lao i gcúrsaí CLG. Tá compántais drámaíochta Ghaeilge ar siúl timpeall na tíre. Tá na Cnocadóirí ann a dhéanann siúlóidí timpeall na tíre trí Ghaeilge agus thar lear fiú. Tá grúpaí tuistí agus leanaí ar fáil timpeall na tíre atá eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glór na nGael. Ní gá a luadh gur féidir d’fhearais teicneolaíochta a úsáid trí Ghaeilge, ar nós do ghutháin, do ríomhaire agus do theilifíse. Mar sin is fútsa atá sé an méid Gaeilge is mian leat a úsáid. 

Ní hé sin le rá nach bhfuil gá le i bhfad níos mó seirbhísí as Gaeilge.  Dar ndóigh is fiú an focal a scaipeadh faoi na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil agus daoine eile a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid. Ná fan ar an stát díchoilíniú a dhéanamh, teir amach ansin agus díchoilínigh do shaol!

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.