Craobh na hÉireann de Scléip 2026 ar siúl sa Helix i mBaile Átha Cliath

Cóilín Duffy

‘Teas’ ó Meánscoil Gharman a bhuaigh duais Scléip 2026

Reáchtáladh Craobh na hÉireann de Scléip 2026 sa Helix in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin an 4 Feabhra, áit ar tháinig daltaí ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre le chéile chun a dtallann cheoil agus amhránaíochta a chur i láthair.

Is comórtas tallainne é Scléip, arna eagrú ag Gael Linn, atá dírithe ar na healaíona comhaimseartha agus atá oscailte do scoileanna lán-Ghaeilge amháin. Tugtar deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol agus amhráin a léiriú os comhair moltóirí proifisiúnta agus lucht féachana in amharclanna ar fud na tíre.

Bhí comórtais ar siúl i rith an lae sa ohríomh-halla agus sa halla beag, le rannóga éagsúla san áireamh, le slua-amhránaíocht, amhránaíocht aonair, ceol uirlise, grúpaí pop/rac/rap, agus rannóga sóisearacha agus sinsearacha san áireamh.

I rannóg na slua-amhránaíochta, bhain Ceoltóirí GCC, Gaelcholáiste Chéitinn, an chéad áit, agus tháinig na hAnamacha, Coláiste Íde, sa dara háit. Sa rannóg amhránaíochta aonair sa stíl pop/rac/rap (sóisear), bhuaigh Olivia Nic Pháidín ó Phobalscoil Chloich Cheannfhaola, agus ghnóthaigh Naoise Nic Cárthaigh ó Ghaelcholáiste Chill Dara an dara háit.

Sa rannóg sinsearach sa chatagóir chéanna bhuaigh Lisa Nic an Rí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, agus tháinig Aoife Ní Mhurchú, Gaelcholáiste Chill Dara, sa dara háit. Bronnadh Gradam Nós ar Sophia McFarland ó Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árann Mhór.

Ghnóthaigh Teas ó Mheánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Duais Scléip 2026. Sa halla beag, bhain Oisín Ó Foighil agus Síofra Nic Ghabhann an bua i gceol uirlise sóisear, agus Danny-Jack Mac Aoidh agus Morgáin Ó Tuathail i gceol uirlise sinsear.

I rannóga amhránaíochta aonair le féin-ionlacan bhuaigh Sadhbh Nic Fhloinn agus Robyn Ní Choille sa chatagóir shóisearach, agus Sadhbh Ní Chatháin agus Mairéad Ní Dhubhaigh sa rannóg shinsearach.

Craoladh an comórtas beo ar chainéal Molscéal ar YouTube, rud a thug deis do dhaoine ar fud na tírean ócáid a leanúint ar líne.

Sular reáchtáladh an chraobh náisiúnta, tionóladh réamhbhabhtaí i mí na Samhna 2025 in Ionad Ealaíon na Sruthaile ar an Ómaigh, in Amharclann an Chlasaigh i gCluain Tarbh, sa Black Box i nGaillimh, agus in Amharclann an Ionaid Óige i Mainistir Fhear Maí.

De réir Ghael Linn leanfaidh Scléip de bheith ina ardán tábhachtach do dhaoine óga chun a mbuanna a fhorbairt trí mheán na Gaeilge.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.