Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar thábhacht crann in Éirinn

Grianghraf: Kevin Dercherf
‘Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad, tá deireadh na gcoillte ar lár’, mar a deir an chéad líne den amhrán cáiliúil Cill Chais. Ní minic a bhíonn caoineadh ann mar gheall ar choillte a chailleadh, ach tá sa traidisiún Gaelach. Tá fáth faoi leith leis seo, agus is é sin go bhfuil crainn ina ngné thábhachtach den seanchreideamh.
Na draoithe
Ag dul siar go tréimhse Plinias Mhóir, is é an chéad tagairt a thugann sé dúinn ina Stair Nádúrtha den seanchreideamh sa Ghaill draoithe ag dreapadh crann darach chun drualus a ghearradh. Ba í an dair an crann foirfe nó an chéad chrann i meon na nGael. Cé go bhfuil an céatadán talún is ísle san Eoraip faoi chrainn ag Éirinn bhí am ann go raibh crainn gach áit sa tír seo. Go deimhin bhí siad chomh fairsing sin go dúirt Seathrún Céitinn in Foras Feasa ar Éirinn ‘An chéad ainm a tugadh ar Éirinn … oiléan na gcoillte’.
Ogham
San aibítir oghaim ainmnítear gach litir as crann: beith, luis, fearn, sail, nion (fuinseog), uath (sceach gheal), dair, tinne (cuileann), coll, ceirt, muin, gort, ngéadal (raithneach), straif (draighneán donn), ruis, ailm, onn (aiteann), eadhan (eabhadh) agus iodhadh (iúr).
Logainmneacha
Tá 13,000 logainm in Éirinn a bhfuil crann ina n-ainm. Ina measc tá Doire, Iúr Chinn Trá, Maigh Eo agus Eoghanacht. Thall sa Bhreatain ainmníodh Eabhrac as an iúr.
An bile agus Nemeton
Sa mhiotaiseolaíocht tá baint ag an mbandia Áine leis an iúr. Bhíodh crainn dhiaga ann ar a dtugtaí bile a bhí mar thótam don tuath áitiúil. Dhéantaí taoisigh agus rithe a insealbhú faoin mbile. Bhíodh cosc ar bhile a ghearradh. Deirtear go raibh cúig phríomhbhile in Éirinn. Bhí ceann amháin ar Chnoc Uisnigh i lár na tíre. Bhí an dara ceann, Eo Múna, i Maigh Ailbhe mBealach Múna. Ba é seo an t-aon phríomhbhile a dtagadh trí thoradh éagsúla uaidh, úlla, dearcáin agus cnónna coill. Bhí Eo-Ros ag fás ar bhruach na Bearú gar do Sheanleithghlinn. Bhí bile eile, Craobh Dháithí, gar d’Fhir Bhile i gContae na hIarmhí. Tá tagairt in ainm an bhaile sin don bhile, ar ndóigh. Is é an bile deireanach ná Bile Tortan in aice leis an Uaimh. Bhí an bile sin chomh mór sin go raibh sé in ann foscadh a thabhairt do mhuintir na háite i rith am éigeandála.
Bhíodh coillte naofa ag na Ceiltigh ar a nglaoití Nemeton. Is é sin an áit a mbíodh na draoithe ag cleachtadh a gcreidimh. Arís, ní raibh cead na crainn a leagan sa Nemeton. Tá gaol ag an bhfocal Nemeton le neamh.
Tá an sceach gheal fós uasal ag na Gaeil. Ní ghearrtar an sceach gheal mar creidtear go bhfuil na daoine maithe, siógaí, ina gcónaí ann. Ní ceadmhach crainn a ghearradh ach oiread i gcré na cille. De ghnáth is iúr a bhíonn ag fás i reiligí. Ní raibh cead crann a ghearradh i nGleann Dá Loch agus sin an fáth go bhfuil coill bhreá ann sa lá atá inniu ann.
Piseoga
Creidtear gur léiriú é aon uair a lasann tintreach crann go bhfuil nasc ann leis an alltar, an saol úd eile. Tá tairngreacht ag baint le crainn. Mar shampla, is crann a d’inis go raibh cluasa capaill ag Labhraidh Loingseach. Bhí an Daghdha nasctha leis an dair. Bhí cumhacht draíochta ag fuinseog, caorthainn agus coll agus dhéanadh na draoithe slata as na crainn sin. D’úsáidtí an sceach gheal le haghaidh draíocht dhiúltach ar nós mallachtaí. Bíonn crann ann i gcónaí ag tobar beannaithe agus cuirtear ceirteacha ar chraobhacha an chrainn nuair a dhéantar deasghnátha ag tobar, rud a léiríonn go bhfuil crainn fós tábhachtach do na Gaeil ar bhealach spioradálta. Bhí creideamh ann go bhfaigheann crann bás nuair a fhaigheann an té a chuir é sa talamh bás. Tá cumhacht leighis ag crainn chomh maith.
Conclúid
Níl a dhóthain crann in Éirinn, le gan ach 11.6% de thalamh an stáit clúdaithe leo, ceann de na céatadáin is ísle san Aontas Eorpach. Is gá dúinn mar sin níos mó crann a chur agus ár naisc a dhaingniú leo arís! Tá sé maith don timpeallacht, don ath-Ghaelú agus dár spioradáltacht chomh maith.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath