
Tá an conradh um laghdú ar airm straitéiseacha, New START, a chuireann srian ar stórais núicléacha na Stát Aontaithe agus na Rúise, tar éis dul in éag ar an 4 Feabhra, 2026. Léiríonn sé seo athrú suntasach i rialú arm núicléach agus tá imní ann go dtiocfaidh rás arm ar ais chun cinn.
Ba é New START an t-aon chonradh beo a bhí fágtha chun líon straitéiseach na gcúig mhíle buama núicléach a rialú. Agus é imithe, níl aon srianta idirnáisiúnta ann a thuilleadh ar líon nó ar thástáil na n-arm núicléach is cumhachtaí ar domhan.
Thiar sna 1960í bhí imní láidir ann go bhféadfadh rás na n-arm núicléach dul as smacht, agus bhí brú láidir ann ó phobail an domhain srianta a chur i bhfeidhm ar mhaithe le slándáil an chine dhaonna.
Agus is é Frank Aiken na hÉireann, a bhí ina Aire Gnothaí Eachtracha ag an am, a chuir tús le sraith conarthaí a dhein iarracht stop nó maolú a chur ar rás na n-arm níúicleach.