

Tá, b’fhéidir, trí chineál Gaeilge á labhairt in Éirinn: Gaeilge na gceantar éagsúil Gaeltachta, atá fréamhaithe sa stair, agus atá fós ag forbairt de réir na mbrúnna éagsula (go hiondúil ón mBéarla) a chuirtear orthu.
Ansin, tá an Ghaeilge atá ag fás taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe sna bailte i bhfad ón iarthar. Tá Gaeilge faoi leith ag páistí Gaelscoile i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh, mar shampla, agus tá Gaeilge dá gcuid féin acu i mBéal Feirste. Fuaimeanna áitiúla agus leaganacha ar iasacht ón mBéarla ní ón Ultaisatá le haithint anseo.
Ansin tá an caighdeán. Níl a fhios agam cé mhéad duine a labhraíonn de réir an chaighdeáin, ar meascán den Ghaeilge labhartha sna canúintí é, nó, go deimhin cé mhéad atá in ann scríobh de réir an chaighdeáin ach an oiread. Ach tá sé ann, agus is slat tomhais go hoifigiúil é.