Bunús an aighnis idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe

Cathal Ó Murchú

Is náisiún thar a bheith ársa í an Iaráin a bhfuil sibhialtacht dá gcuid féin aici a shíníonn siar trí mhíle bliain ar a laghad.  Eascraíonn an naimhdeas idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe go príomha ó Réabhlóid na hIaráine in 1979, nuair a chuir muintir na tíre an Shah agus a réimeas a bhí ceangailte go hiomlán le himpiriúlachas an Iarthair as cumhacht. Bhí dreamanna éagsúla bainteach leis an réabhlóid fhrithimpiriúlach sin, idir Ioslamaigh agus cumannaigh go príomha, ach neart forsaí eile freisin, agus sa deireadh thiar thall ba iad na hioslamaigh a tháinig chun cinn.  

Bhí an réabhlóid seo fréamhaithe go láidir i measc phobal an náisiúin agus cuimhní nimhneacha acu faoina ndearna na Meiriceánaigh agus an Ríocht Aontaithe lena gceannaire dlisteannach Mohammad Mosaddegh, príomhiaire na hIaráine, a cuireadh as cumhacht in 1953, de bhrí gur theastaigh uaidh náisiúnú a dhéanamh ar a n-acmhainní ola agus gáis, beartas a tháinig salach ar leasanna comhlachtaí ola ón mBreatain agus ó Mheiriceá. Ní hamháin sin, ach chuir na cumhachtaí iartharacha seo an Shah, Mohammad Reza Pahlavi, i ról níos cumhachtaí le deachtóireacht ríoga bádhúil go hiomlán leis an Iarthar trí bhrúidiúlacht agus danarthacht a phóilíní rúnda stáit SAVAK, ceannaire, reimeas agus póilíní a raibh dearg-ghráin ag an bpobal orthu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.