“Beidh Aonach Amárach” ar ais ar TG4 don chúigiú sraith

James Simpson agus Julie Donaghy

Beidh Beidh Aonach Amárach ar ais ar an scáileán don chúigiú sraith ar an 4 Márta 2026 ag 8.30 pm ar TG4 agus TG4.ie, ag tabhairt léargas úr ar shaol spleodrach sheónna talmhaíochta na hÉireann. Le linn 2025, bhí na criúnna ar an mbóthar ag leanúint iomaitheoirí ar fud na tíre agus iad ag tabhairt faoin iomaíocht ghéar a bhíonn i gcroílár na n-aonach.

Bíonn breis agus 120 seó talmhaíochta ar siúl gach bliain in Éirinn, ag mealladh na mílte idir fheirmeoirí, theaghlaigh agus chuairteoirí. Sa tsraith seo, tugtar cuairt ar shé cinn de na seónna is mó agus is bríomhaire: Seó Bhanú agus Ráth Daingean i Loch Garman, Seó Chaisleán Uidhilín sa Dún, Seó Chluain Meala i dTiobraid Árann, Seó Bhaile Mhoireil in Aontroim, Seó Chluain Maine i nDún na nGall, agus Seó Bhaile an Droichid in oirdheisceart an Chláir.

Idir eallach, capaillíní Conamara, lomadh caorach, bláthanna fiáine, subh bhaile agus jeighbheáil, buaileann an tsraith le hiomaitheoirí óga agus aosta araon. I gclár 1 i Loch Garman, filleann Lily Celine ar an ealaín tar éis tréimhse thar lear, agus leanann Jess agus Lauren traidisiún a seanathar le bláthanna fiáine. I seó Chaisleán Uidhilín, feictear Frankie óg sa bhfáinne lena reithe, agus Nóra ag cur a blaincéid chniotáilte san iomaíocht den chéad uair.

Leanann an dráma agus an dóchas i gCluain Meala, áit a bhfuil capaillín Chonamara darb ainm Emerald agus searrach darb ainm Rocko i measc na réaltaí. I mBaile Mhoireil, ceann de na seónna is mó in Éirinn le breis agus 100,000 i láthair, tá Laoise óg san fháinne agus tarbh darbh ainm Victor ag mealladh ceannaitheoirí. I gCluain Maine, bíonn craobhchomórtas lomtha caorach na hÉireann faoi lán seoil, agus i gContae an Chláir, cuireann seó Bhaile an Droichid clabhsúr croíúil leis an tsraith.

Is é Strident Media a léiríonn an tsraith do TG4 agus RTÉ le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Is í Fionnuala McCormack a stiúir, le heagarthóireacht ó Darragh Byrne.

Beidh paisean, pobal agus ribíní dearga i gcroílár gach cláir, agus ní bheidh easpa spraoi ná spleodair ann.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.