Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na hamhráin faoi réabhlóid 1798 i nGaeilge agus an traidisiún béaloidis a bhain leis.

I dtraidisiún na nGael tá go leor amhrán faoi na cogaí agus réabhlóidí a raibh na Gaeil bainteach leo. Ní eisceacht ar bith é Éirí Amach 1798. Tá a lán amhrán trí Ghaeilge faoi Éirí Amach 1798 ar fáil i mbéaloideas na tíre, cuid acu a cumadh i nGaeilge agus an chuid eile aistrithe ó amhráin Béarla. Ar dtús ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar Éirí Amach 1798 chun comhthéacs na n-amhrán a thabhairt.
Éirí Amach 1798
Ar feadh na gcéadta bliain bhí na péindlíthe i bhfeidhm. Rinne údaráss Shasana idirdhealú ar Chaitlicigh agus Preispitéirigh maidir le nach mór gach gné den saol, ní raibh cead acu dul ar scoil, ní raibh cead acu talamh a bheith acu, a bheith in Arm na Breataine, a bheith ina ndlíodóirí ná a bheith ina n-ionadaí polaitiúla. Bunaíodh na hÉireannaigh Aontaithe in 1791 i mBéal Feirste ar dtús, agus ansin i mBaile Átha Cliath chun fáil réidh leis na péindlíthe. Cuireadh cosc ar na hÉireannaigh Aontaithe in 1793. Thosaigh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana sa bhliain chéanna. Chuaigh Theobald Wolfe Tone chun na Fraince in 1794 chun cúnamh a fháil ó na Francaigh chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Bhunaigh úinéirí talún fórsa cosanta áitiúil, an gíománra, chun iad féin a chosaint ó Chaitlicigh in 1796. Sa bhliain chéanna rinne na Francaigh faoi cheannaireacht Hoche, le Wolfe Tone agus 12,000 trúpaí ar bord loinge iarracht Bá Bheanntraí a shroicheadh, ach theip orthu. In 1797 thosaigh an tÉirí Amach i gCúig Uladh. Faoi 1798 bhí sé ar siúl i ngach áit sa tír. Faoi dheireadh mhí Iúil chur na Sasanaigh an tÉirí Amach faoi chois. Ag deireadh mhí Lúnasa tháinig fórsa thart ar 1,000 saighdiúir Francach isteach go Cill Ala. d’éirigh leo cuid mhaith de Chonnachta a shaoradh. Ach d’éirigh leis na Sasanaigh iad a chloí ag an deireadh. Gabhadh Wolfe Tone ar bhád agus fuair sé bás i ngéibheann. Ní fios ar mharaigh na Sasanaigh é nó ar chuir sé lámh ina bhás féin.
Staid na Gaeilge in 1798
De bharr nár cuireadh ceist i ndaonáireamh go dtí 1841 maidir le húsáid na Gaeilge, níl figiúirí cruinne againn ar líon na gcainteoirí Gaeilge in 1798. Rinne Stokes tuairisc in 1799 ar an daonra, go raibh 2.4 milliún cainteoir Gaeilge ann. Mar sin bhí cuid mhaith den daonra ina gcainteoirí Gaeilge. Dá bharr seo bhí saothar fairsing d’amhránaíocht Gaeilge cruthaithe. Bhí Gaeilge acu siúd a d’éirigh amach i dTiobraid Árainn, ach ar an lámh eile bhí Gaeilge acu siúd a bhí i Mílíste Thuaisceart Chorcaí d’arm Sasana. Léiriú iontach de staid na Gaeltachta ná an t-amhrán Sliabh na mBan faoi chath i dTiobraid Árainn, a bhí i nGaeltacht na nDéise ag an am. Chúngaigh an Ghaeltacht go Port Láirge agus fuarthas an t-amhrán sin I nGaeltacht Phort Láirge dá bharr sin.
Na hAmhráin
Seo iad na hamhráin agus dánta a cruthaíodh i nGaeilge:
Athchuimhniú ar Ninety Eight, a scríobh Mícheál Ruiséal do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1798
An ‘Croppy Lie Down’, a bailíodh i nGaeltacht na nDéise.
An Gunnadóir Mac Aoidh, a scríobh Eoghan Ó Tuairisc. Seo amhrán a insíonn scéal an Ghunnadóra Mac Aoidh a throid i mBaile na Muc, Co. an Longfoirt leis na Francaigh ina aghaidh na Sasanach. Crochadh é ar deireadh.
An Paorach, a bailíodh i nGaeltacht na nDéise.
An Róipín Caol Cnáibe, faoi George Chambers, Éireannach Aontaithe a throid i Maigh Eo. Chuir an Tiarna Cornwallis chun báis é. Crochadh é i mBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo.
An Caiptín Máilleach
An Spailpín Fánach
Bualadh Ros Mhic Thriúin
Cogadh Chill Ala
Na Francaigh Bhána
Cath Béal a’ Mhuighe Shalaigh
Scéal do Réab mo Chroí Ionam, a scríobh Mícheál Óg Ó Longáin faoi Éamonn Mac Gearailt thart ar Éirí Amach 1798.
Donncha Bán, a fuair Edward Bunting i gCúige Chonnacht. Deirtear gur thaitin an fonn le Máire Nic Reachtain, deirfiúr Henry Joy McCracken, a crochadh freisin.
Maidin Luan Cincíse, a scríobh Mícheál Óg Ó Longáin.
Mise agus Tusa. Is é Bacach Shíol Aindí atá luaite san amhrán ná na Buckshee Highlanders
Na Buachaillí Bána
Ó Bhean an Tí. Meafair d’Éirinn is ea í an bhean a luaitear san amhrán seo.
Sliabh na mBan
Amhráin mhacarónacha
Saoirse
Poirt
Máirseáil ’98
Cearta an Duine
Dánta
Bás an Chropaí, a scríobh Craoibhín Aoibhinn, Dúghlas de hÍde, in 1898, sampla neamhchoitianta de léiriú náisiúnach Dhúbhghlas de hÍde.
Préachán Chill Chainnigh
Amhráin aistrithe ón mBéarla
Caitheamh an ghlais
Rodí Mac Corlaí
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is é a thráchtas sa dioplóma sin ná Amhráin Gaeilge 1798.