Athbhorradh faoi sheanghluaiseachtaí saoirse Meiriceánacha

Cathal Ó Murchú

Cathair Minneapolis
Grianghraf: Wikipedia

Tá athbhorradh faoi sheanghluaiseachtaí saoirse na nAfra-Mheiriceánach agus na Meiriceánach Dúchasach le déanaí de réir mar atá dlúthpháirtíocht shochaí Mheiriceá faoi Uachtaránacht Trump ag dul in olcas. Is iad na seanghluaiseachtaí sin na Pantair Dhubha agus Gluaiseacht na nIndiach Meiriceánach, gluaiseachtaí a tháinig ar an saol le linn fhrithchultúr na 1960í sna Stáit Aontaithe nuair a bhí agóidí móra ann i gcoinne an chiníochais agus i gcoinne Chogadh Vítneam, chomh maith le neart cúiseanna eile. Bhí an-chuid gluaiseachtaí saoirse ag teacht ar an saol le linn an ama sin, gluaiseachtaí a rinne aithris ar na cinn fhrithchóilíneacha sna seanchóilíneachtaí Eorpacha deréir mar a thit na seanimpireachtaí sin as a chéile.

I gcás an dá ghluaiseacht thuasluaite, rinne foras slándála inmheánach na Stát Aontaithe, an FBI iarracht mhór na heagraíochtaí a scrios trí insíothlú, treascairt agus dianfhaireachas. Bhí straitéis ar leith ag an FBI ar tugadh COINTELPRO uirthi chun na heagraíochtaí seo a chur ar strae go hinmheánach. Maraon le cuid mhaith den ghluaiseacht nuachlé i Meiriceá, bhí siad cloíte den chuid is mó faoi na 1980í.

Sa lá atá inniu ann, le linn círéibeanna i gcoinne ICE agus freasúracht phoiblí i gcoinne uachtaránacht Trump i gCathair Minneapolis go príomha agus neart cathracha eile sna Stáit Aontaithe, tá na Pantair Dhubha, Gluaiseacht na nIndiach Dúchasach agus neart gluaiseachtaí eile, idir nua agus sean, tar éis teacht chun cinn. Léiríonn an ollagóidíocht an deighilt dhomhain dhoshuaimhnithe i sochaí na Stát Aontaithe idir iad siúd claonta leis an gcoimeádachas agus iad siúd atá claonta leis an liobrálachas nó claonta ar chlé. Bíonn lucht freasúra in aghaidh Trump lonnaithe sna cathracha móra den chuid is mó, chomh maith leis na stáit liobrálacha ar na cóstaí thiar agus thoir.

Tá aighneas láidir i gcoinne ICE (Immigration and Customs Enforcement) go háirithe, foras rialtais, nó mílíste dílis do Trump dar lena lán, mar gheall ar an gcaoi go gcaitheann siad le lucht na hagóide clé. Mharaigh said beirt sibhialtach i gCathair Minneapolis le déanaí. Cé go maítear gurb é an príomhchúram atá ag ICE imircigh mhídhleathacha a dhíbirt ó na Stáit Aontaithe, táthar den tuairim go bhfuil siad tar éis a bpríomhchúraimí a leathnú amach chun déileáil le naimhde polaitiúla inmheánacha in éadan réimeas agus uachtaránacht Trump. Tá a lán cainte agus plé ann i láthair na huaire faoin dóchúlacht go mbeidh cogadh cathartha ann go luath amach anseo sna Stáit Aontaithe.

An rud is suntasaí faoi na seanghluaiseachtaí seo is ea an bhéim a chuir siad ar oideachas polaitiúil agus ar fhéinfhlaitheas, coincheapa is cinnte a tháinig agus a thagann fós salach ar chumhacht na bunaíochta. Beidh na seanchleasanna fós i bhfeidhm ag uirlisí an stáit chun na heagraíochtaí seo a scrios, ach tá freasúracht na heite clé agus na liobrálach ag méadú, mar atá an deighilt sa tír féin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.