Beidh Ard-Féis Chonradh na Gaeilge, an deireadh seachtaine seo, i measc rudaí eile, ag ceiliúradh an mhéid atá bainte amach acu/againne, thuaidh agus theas. Is cinnte go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas, ach b’fhéidir gur cóir amharc i dtreo na Breataine Bige agus ar pholasaí an rialtais in Caerdydd. Tugaimís spléachadh ar chúrsaí oideachais ansin, atá bunaithe ar thumoideachas.
Ar ndóigh, d’aithin Gaeilgeoirí ariamh go raibh an tir áirithe sin blianta chun cinn orainne, agus is iomaí údar ata leis sin, ach tá an bhearnaí ag éirí níos leithne anois, áfach.
Thug mórán in Éirinn súntas don scéal le déanai faoi Chomhairle Gwynedd, in iarthuaisceart na Breataine Bige, deireadh a chur, de réir a chéile, le teagasc tri mheán an Bhéarla amháin sna scoileanna ansin.