Tá plé ann faoi láthair ar na meáin shóisialta ag ceistiú an bandia í Bríd. Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na hargóintí ar son agus ina aghaidh í a bheith ina bandia

Ar an 30 Eanáir chuir an t-iarthhaoiseach Leo Varadkar giolc amach ag maíomh gurb é féin a rinne lá saoire bainc de Lá Fhéile Bríde nó Imbolc. Dúirt sé go luaitear san ordú don lá saoire bainc go ndearnadh é chun onóir a thabhairt don naomh Críostaí agus dár ndéithe agus bandéithe féin. Mar fhreagra air sin dúirt an teachta dála Peadar Tóibín nár bhuail sé le haon duine a chreideann i mBríd mar bhandia. A Theachta Tóibín, is féidir liom a dhearbhú go gcreidimse inti mar bhandia. Thosaigh an giolc sin díospóireacht an raibh lá d’fhéile naoimh á ghlacadh anois mar lá do phágánaigh. Chun cur leis sin bhí staraithe áirithe ag rá nach raibh fianaise ar bith sna téacsanna go raibh Bríd ina bandia agus ní go dtí an naoú haois déag go ndearnadh bandia di.  

Lámhscríbhinní Gaelacha

Sa chéad dul síos tá sé ráite ag scoláirí eile go bhfuil ar a laghad 6 thagairt ann do Bhríd mar bhandia sna téacsanna Gaelacha. Tá ceann de na tagairtí sin in Sanas Chormaic ón naoú haois, “Bríd, banfhile, iníon an Daghdha. Is í seo Bríd banéigeas, is é sin Bríd bandia ar a bhfuil gnaoi na bhfilí. Is léi atá sochar mór agus seirbhís mhór. Dá bhrí sin tugann filí uirthi bandia. Ba iad a deirfiúracha Bríd bean leighis agus Bríd bean ghaibhneachta, is é sin bandéithe, is é sin trí iníon an Daghdha. Na hainmneacha sin a chuirtear ar bheagnach gach bandia Éireannach. Is ionann Bríd, mar sin, agus breoagit nó breoshaighead (tine-shaighead)”

Tá argóint ann i dtaobh na tagartha seo nach bhfuil aon tagairt di mar bhandia roimhe seo sna téacsanna. Níl aon lámhscríbhinní ar bith againn go dtí an seachtú haois, mar sin tá an corpas teoranta roimh an naoú haois. Chomh maith leis sin, is gá cuimhneamh ar an té a scríobh Sanas Chormaic, Cormac mac Cuileannáin. Easpag a bhí ann, agus ní bheadh sé ar leas a chreidimh féin a rá gur bandia ba ea í Bríd. Luaitear í freisin mar bhandia in Leabhar Gabhála Éireann agus Cath Maighe Tuireadh.

Fianaise sheandálaíochta

Bhí Bríd aitheanta sa domhan Ceilteach mar bhandia, ón Tuirc go dtí an Spáinn. Tá scríbhinní ann a luann ‘Brigantia’. Tá logainmneacha sa Bhreatain agus ar an mór-roinn a luann an teideal ‘Brig’ nó ‘Briga’, cé go bhféadfadh é gur chomhtharlú é sin de bharr go bhfuil ciall eile sna logainmneacha sin, is é sin ‘ard’ nó ‘ardaithe’. 

Tá toibreacha beannaithe ann in ómós do Bhríd timpeall na hÉireann, sa Bhreatain agus sa Bhriotáin. Bíonn deasghnátha págánacha á ndéanamh ag na daoine a théann chucu fiú amháin go dtí an lá atá inniu ann, ar nós dul timpeall an tobair trí huaire, ábhair a chaitheamh isteach sa tobar, nó ceirt a chrochadh ar chraobhacha crainn in aice an tobair. Ní nósanna Críostaíochta iad seo.

Béaloideas

Déantar Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí Feabhra. Seo féile ar a dtugtaí “Imbolc” sa tsean-Ghaeilge, a chiallaíonn, creidtear, “i mbolg”, an séasúr a mbíonn na caoirigh ag breith uan. In Sanas Chormaic litrítear é mar “Oímelc”, a chiallaíonn “bainne caorach”. Is ceann de na ceithre fhéile thine é Imbolc. Is iad na cinn eile Bealtaine (ag tús an tsamhraidh), Lúnasa (tús an fhomhair) agus Samhain (tús an gheimhridh). Tá na féilte seo go léir bainteach leis bpágántacht. Ní ón gCríostaíocht a tháinig siad. Tá tús Feabhra bainteach le teacht an earraigh, torthúlacht, cosaint ar bheostoc, agus tá tine ina cosaint ar dhaoine agus ainmhithe. An t-aon uair atá tine ina cosaint sa Chríostaíocht ná nuair a bhaineann sí leis an Spiorad Naomh, ach ní ghlaoitear ar an Spiorad Naomh teacht i ndeasghnátha tinte a bhaineann le Imbolc. Mar is eol dúinn is í an chros príomhshiombail na Críostaíochta, cé gur dhá iasc siombail na Críostaíochta ar dtús, agus mar sin cheapfá go bhfuil Crosóg Bhríde ina siombail Chríostaí. Ach ní luaitear riamh go bhfuil crosóg Bhríde bunaithe ar chros na Críostaíochta. Lastaí tine riamh i gCill Dara do Bhríd suas go tréimhse Anraí VIII. Táthar á lasadh arís le déanaí. Arís, ní nós Críostaí é seo. Is é an creideamh is gaire dúinn a chleachtann seo an Sóróstarachas.

Conclúid

Leis an bhfianaise sin ar fad níl amhras ar bith orm gur bandia a bhí i mBríd ag dul siar go dtí an réamhstair. Go deimhin, as na déithe Ceilteacha ar fad tá Bríd ar an dia is mó a bhfuil fianaise againn di seachas Lú Lámhfhada. Níor chruthaigh Cormac mac Cuileannáin í sa naoú haois mar bhandia, agus níor chruthaigh lucht na hathbheochana mar bhandia í ach an oiread. Ghlac siad leis an smaoineamh gur bandia a bhí inti, smaoineamh a bhí seanbhunaithe sa phobal. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.