Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar shuíomh ríoga atá i lár tíre, Uisneach

Grianghraf: Abi Skipp / Flickr
Tá Cnoc Uisnigh gar don Mhuileann gCearr. Caoindroim an seanainm a bhí ar Uisneach. De réir traidisiúin tagann na cúigí ar fad le chéile ag Uisneach. Glaoitear imleacán Éireann air dá bharr. Bhí aonach in Uisneach a raibh tábhachtach leis do shaol deasghnách agus cultúrtha na nGael sa Mheánaois. Luaitear i litríocht na nGael go mbíodh Mórdháil Uisnigh ar siúl ar Lá Bealtaine. Bhí sé ar cheann de thrí phríomhdáil in Éirinn. Ba iad na cinn eile Feis Teamhrach agus Aonach Tailtinn. De réir an dinnseanchais tagann an logainm Uisneach ó ‘ós neach’ a chiallaíonn ‘thar dhuine’. Is é an áit ar chuir an laoch Mide teangacha na ndraoithe faoi thalamh agus a thóg teach ansin. Deirtear gurb é Mide a thóg tine go hÉirinn ar dtús agus bhí searmanais tinte deasghnátha ag Uisneach sa Mheánaois.
Tá go leor séadchomhartha agus créfort ann ón réamhstair agus ón Meánaois. Tá tuama meigiliteach, dumhaí, imfháluithe, galláin, toibreacha beannaithe agus bóthar meánaoiseach ann. Tá sé gar do Lochán an Bhealaigh.
Bhí daoine lonnaithe ann ar feadh 5,000 bliain. Is féidir breathnú ar go leor d’Éirinn ó mhullach an chnoic. Tá tuama meigiliteach ann darb ainm leaba Naomh Pádraig a bhí timpeallaithe tráth le díog fháinneach. Tá loch ann ag Uisneach darb ainm Loch Lú. Tá dumha adhlactha ann freisin a nglaoitear Carn Lúdach air. Tá dhá thobar bheannaithe ann, ceann amháin a nglaoitear Tobar na Slat air atá in aice an ghalláin agus an imfhálaithe. Tá aolchloch mhór in Uisneach a nglaoitear Ail na Míreann uirthi agus is é seo an áit a ndeirtear go mbuaileann gach cúige le chéile. Tá créfort ochtchruthach ann a nglaoitear Ráth Naoi air. Tá an chuma air go raibh deasghnátha á ndéanamh ansin mar tá sé timpeallaithe le claí ina bhfuil oscailt san oirthear. Istigh ann tá claiseanna ina bhfuarthas cnámha ainmhithe leathdhóite a bhí clúdaithe le clocha móra. Is cosúil go raibh tinte lasta, múchta agus athlasta ag amanna éagsúla. Ceaptar go raibh sé ina áit bhailithe do shearmanas ríoga agus reiligiúnda. Tá Tuar Uí Chobhthaigh ann, ainmnithe as muintir Uí Chobhthaigh a bhí ina n-ollúna in Uisneach.
Deirtear gurb é Uisneach an áit ar cuireadh Tuatha Dé Danann. Tá Lú agus an Daghdha curtha ansin de réir seanchais. Bhí crann ann, Bile Uisnigh, inar bhailigh na draoithe le chéile ansin gach lá Bealtaine. Creidtear go bhfuil Ail na Míreann ina tairseach idir an t-alltar, an saol úd eile, agus an domhan seo. De réir an scéil Tucait Baile Mongáin bhuail stoirm cloichshneachta ar Uisneach a chruthaigh 12 phríomhabhainn na hÉireann. In Leabhar Gabhála na hÉireann deirtear gur bhuail na Gaeil, is é sin Clann Mhíle, leis an mbandia Éire agus gur aontaigh Amhairghin Glúngheal go n-ainmneodh siad an tír in onóir di. Glactar le Teamhair mar áit cumhachta ríoga, ach tá Uisneach ina háit chumhachta spioradálta. Go traidisiúnta bhí féile sa dá ait gach seacht mbliana, i mBealtaine in Uisneach agus um Shamhain i dTeamhair.
Tosaíonn scéal Eachtra Chonlaí in Uisneach. Tháinig bean go hUisneach agus labhair sí le Connla. Ní fhaca Conn Céadchathach, athair Chonnla, an bhean ar chor ar bith. Thug an bhean cuireadh do Chonnla teacht go Maigh Meala. D’iarr Conn ar an draoi Corann ortha a chur air chun an bhean a fheiceáil agus nach mbeadh Connla in ann í a chloisteáil. D’imigh an bhean dá bharr ach chaith sí úll le Connla sular ar imigh sí. D’ith Connla an t-úll, ach níor ídigh an t-úll. Ní raibh ocras ná tart ar Chonnla dá bharr. Lean seo ar aghaidh ar feadh míosa go dtí gur tháinig an bhean ar ais. Thug an bhean cuireadh do Chonnla teacht ar ais léi go tír nach mná agus maighdeana inti. Léim Connla ar bhád déanta de chriostail agus ní fhacthas é riamh arís.
De réir an bhéaloidis áitiúil thóg Tuathal Inghlactha an chéad phálás ar Uisneach. Bhí an Lia Fáil ar Uisneach ar dtús sular aistríodh é go Teamhair na Rí.
Tá féile nua á ceiliúradh ansin gach Bealtaine. Más athchruthú fhéile na Bealtaine a bhíodh á ceiliúradh anallód is maith sin, ach caithfear an cheist a chur, cén fáth go bhfuil ar dhaoine ticéid a cheannach chun freastal uirth. Caithfidh gur seo an t-aon sampla de cheiliúradh reiligiúnda a gcaithfear a íoc isteach, seachas síntiús a thabhairt más mian.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath