Cuireadh tús leis an ionchoisne ag tús na seachtaine, ag fiosrú bhás an bhuachalla scoile
Cuireadh tús leis an ionchoisne maidir le bás Noah Donohoe i mBéal Feirste ag tús na seachtaine, 6 bliana i ndiaidh bhás an déagóra in 2020.
Thángthas ar chorp Noah Donohoe, a bhí 14, i ndraein áir i dTuaisceart Bhéal Feirste ar an 27 Meitheamh 2020. Bhí Noah ar iarraidh ar feadh sé lá roimhe sin.
Chuaigh Noah ar iarraidh i ndiaidh dó dul ar rothar go Bóthar an Chladaigh i dTuaisceart Bhéal Feirste óna theach ar Ascaill Fitzory i ndeisceart na cathrach ar an 21 Meitheamh 2020.
Chonacthas é den uair dheireanach ag a sé a chlog an tráthnóna sin.
Dé réir scrúdú iarbháis fuair Noah Donohoe bás de bharr a bháite.
I ndiaidh bhás Noah Donohoe, bhí roinnt imní i measc an phobail maidir leis an dóigh gur láimhseáladh an fiosrúchán agus cuireadh tús le feachtas ag lorg ionchoisne iomlán maidir lena bhás.
Cuireadh moill ar an fhiosrúchán roinnt uaireanta, agus cuireadh roinnt píosaí scannánaíochta TCI amach i mí Dheireadh Fómhair seo caite ag taispeáint Noah ag fágáil a thí ar an lá a chuaigh sé ar iarraidh.
Cheistigh máthair Noah, Fiona, an fáth gur cuireadh na físeáin amach 5 bliana i ndiaidh bhás Noah. Cheistigh sí an fáth nach raibh an físeán ar fáil an tseachtain a raibh Noah ar iarraidh. Níor cuireadh ar an eolas í faoi na físeáin ach go dtí dhá bhliain i ndiaidh a bháis.
Cuireadh tús leis an ionchoisne Dé Luain, agus tosaíodh a roghnú giúiré. Faoi Dé Máirt bhí fós beagnach 100 duine á meá agus níl ach 11 de dhíth le bheith ar an ghiúiré. Lean an próiseas sin ar aghaidh Dé Céadaoin.
Tá roinnt conspóide bainteach leis an ionchoisne as siocair gur tugadh cead do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Teastas Imdhíonachta um Leas an Phobail a úsáid. Ciallaíonn sé sin gur féidir leis an SPTÉ roinnt eolais agus sonraí a bhaineann le bás Noah a chur i bhfolach ón phobal.
Rinneadh an cinneadh seo ar an bhunús go mbeadh fíorbhaol do leas an phobail ann dá scaoilfí an t-eolas saor.
Is é an Breitheamh Rooney an cróinéir atá i mbun an ionchoisne. Tugadh cead giúiré a bheith ann i ndiaidh iarratas ó teaghlach Donohoe le linn imeachtaí réamh-ionchoisne.
Beidh an fiosrúchán ag díriú ar chúinsí bhás Noah, agus cén uair agus cá háit a bhfuair sé bás fosta.