Tá brú ag leanúint ar aghaidh ar na hinstitiúidí polaitiúla ó Chonradh na Gaeilge maidir le cosaintí don teanga
Beidh cásanna a bhaineann leis an Ghaeilge sna cúirteanna an tseachtain seo agus roinnt ceisteanna ann maidir leis an dóigh a bhfuil na hinstitiúidí polaitiúla ag plé léi.
Ag tús na seachtaine d’fhorchoimeád an Breitheamh McLaughlin breithiúnas ar chás i ndiaidh ceithre lá d’argóintí.
Chualathas sa chúirt ó dhlíodóirí Ann McClure, ball de Ghlór Traidisiúnta na nAontachtaithe, go raibh sé cosúil leis an chur chuige a glacadh in Louisiana sna 30í ag ligean do thuairim an tromlaigh cinntí a dhéanamh maidir leis an mheicníocht glaoch isteach.
Baineann an cás le straitéis na comhairle maidir leis an Ghaeilge agus an cinneadh brat na Palaistíne a chur in airde ar Halla na Cathrach.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!