Ar feadh na nglún sheas an Coláiste Gaeilge, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, mar chomhartha beo den bhreac-Ghaeltacht in iardheisceart an Chláir, áit inar nascadh an teanga, an pobal agus an cultúr ar imeall an Atlantaigh.
Bunaíodh an coláiste in 1912. Aimníodh é in ómós d’Eoghan Ó Comhraidhe, scoláire mór le rá as Dún Átha a bhí ar dhuine de mhórfhilí agus bailitheoirí béaloidis na hÉireann. Ba iad Neilí Ní Bhriain, gariníon an Éireannaigh Óig William Smith O’Brien, Seán Tóibín, agus Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coláiste agus iad faoi anáil fhís chumhachtach na hathbheochana.
Ní raibh an fhís sin gan bhunús. Léirigh daonáireamh 1911 go raibh 36,704 cainteoir dúchais fós i gContae an Chláir, a fhormhór acu i gCeann Léime, Cill Bheathach, Cros agus Carraig an Chabhaltaigh, ceantar ina raibh 90% den daonra fós ag labhairt na Gaeilge. Ba iad na figiúirí seo a threoraigh Neilí: Gaeltacht bheo, ach leochaileach, a d’fhéadfaí a neartú trí choláiste samhraidh a bhunú ann agus lucht na hathbheochana a mhealladh chuig an gceantar.
Ag cruinniú poiblí i gCill Dalua ar 15 Deireadh Fómhair 1911 leag Neilí a fís amach go paiseanta. D’áitigh sí go dtógfaí “oileán Gaelach” sa cheantar, áit a ndíreodh craobhacha an Chonartha a gcuid fuinnimh agus a gcruthófaí athbheochan ón mbun aníos. Bhí sí ag tagairt don rath a bhí ar choláistí eile, cuir i gcás Coláiste Chonnacht (1905) agus Coláiste Uladh (1906), agus bhí sí meáite ar an obair chéanna a dhéanamh i gCo. an Chláir.
D’fhás Coláiste Uí Chomhraidhe go tapa agus mealladh na mílte scoláirí ó gach cearn den tír. Bhí sé ina lárionad foghlama, ina chroílár pobail agus ina thaca don Ghaeilge i gceantar a bhí ag streachailt le cultúr an bháid bháin agus le brú ón mBéarla.
Cé gur baineadh “neamhspleáchas” amach in 1922, is í an fhírinne shearbh ná gur thréig an stát an ceantar seo. Trí fhaillí, easpa maoinithe, agus drogall maoin na tíre a athdháileadh go cothrom i dtreo an iarthair, lig an Saorstát don bhreac-Ghaeltacht seo agus cinn eile lena hais dul i léig san fhichiú haois. Nuair a dhún an coláiste in 2017, níorbh aon iontas é, ba thoradh an dúnadh ar na blianta d’imeallú stáit.
Ar an dea-uair, sheas oibrithe deonacha isteach sa bhearna, ag obair go crua chun an foirgneamh a chaomhnú agus athoscailt. Foilsíodh staidéar féidearthachta in 2022, ach fós níl obair thógála tosaithe, agus tá an pobal go fóill ag fanacht ar bheart de réir briathar ón gComhairle Contae agus ón stát.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.