Eoin Ó Murchú

Tá fuadach Uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, cáinte go forleathan ar fud an domhain, ach tá Donald Trump ag bagairt tuilleadh tíortha a ionsaí mar chuid dá mhian mor-ranna Mheiriceá ar fad a chur faoina smacht.

Ag labhairt ag cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, dúirt ionadaí na Stát Aontaithe, Mike Waltz, nach gceadóidh na Stáit Aontaithe go mbeadh aon chuid den leathsféar thiar ina bhunáit naimhdis do Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Ní féidir leat leanúint ar aghaidh agus na cúlchistí fuinnimh is mó ar domhan a bheith faoi smacht na namhad,” a dúirt sé.

Agus rinne Trump féin bagairt dhíreach ar leasuachtarán Veiniséala, Delcy Rodríguez, go mbeidh gníomh ina coinne siúd ag teacht freisin mura mbeidh sí sásta glacadh le orduithe Mheiriceá i Veiniséala.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.