Ó Ard an Bhóthair go Páirc an Chrócaigh, craobh na hÉireann ag an nGaeltacht den chéad uair

Cóilín Duffy

Tá áit sa stair faighte ag an nGaeltacht i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, nuair a bhuaigh siad craobh uile-Éireann AIB idirmheánach peile na gclub den chéad uair ó bunaíodh a gclub, agus rinne siad é le foighne, le smacht agus le haontacht a léirigh aibíocht ar leith ar an stáitse is mó.

Ba é bainisteoir na foirne, Feargal Ó Sé, a chuir an lá i bhfocail go mothúchánach ina dhiaidh. 

“Is iontach an rud é craobh na hÉireann a bhuachan le do chlub féin agus is rud é a choinneoidh an grúpa imreoirí seo le chéile ar feadh i bhfad. Go pearsanta, tá mé fíorshásta a bheith mar chuid de,” a dúirt sé tar éis an cluiche.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!