Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an suíomh ríoga cúige deireanach, Ráth Cruachan i gCúige Chonnacht.

Uaimh na gCat, Ráth Cruachan

Níl ach suíomh ríoga cúige amháin fágtha sa tsraith, Ráth Cruachan i gCúige Chonnacht. 

Nuair a smaoinítear ar Ráth Cruachan cuimhnítear ar an mBanríon Méabh. Is é Ráth Cruachan an áit a dtosaíonn scéal Táin Bó Chúailgne agus críochnaítear an scéal ansin chomh maith. Tá sí ar cheann de na trí reilig ríoga in Éirinn. Is iad na cinn eile Brú agus Tailteann atá i gCúige na Mí. Bíhodh aonach mór ansin chomh maith  

Tá Ráth Cruachan gar do Thuilsce i Ros Comáin. Tá sé aitheanta ag an National Geographic mar an láthair ríoga is mó san Eoraip nach ndearnadh tochailt sheandálaíochta uirthi fós. Tá an chéad tagairt di dá bhfuil againn in Annála na gCeithre Máistrí. Luaitear eachtra a tharla ann in 1681 RCR. Tá tagairt sna hannála gur fógraíoch Dlí Naomh Pádraig i Ráth Cruachan in 783 CR agus Dlí Naomh Ciarán in 814 CR.

Ar an láthair féin tá áiteanna éagsúla atá an-spéisiúil. Tá Dumha Cruachan ann a bhfuil imfhálú timpeall air ar nós na suíomhanna ríoga eile, Teamhair, Eamhain Mhacha agus Dún Ailinne. Tá an Ráth Mhór ann a bhí ina úsáid ón Iarannaois go dtí go luath sa Mheánaois. Tá lorg cuaillí ann a thugann le fios gur féidir go raibh halla pobail ciorclach ann san Iarrannaois. Fuair seandálaithe fianaise ar thinteáin, claiseanna agus oigheann, ag léiriú go raibh daoine ina gcónaí ann. Sa scéal deireanach de Táin Bó Cúailgne tá troid idir an dá tharbh, Donn Cúailgne agus Fionnbheannach. Tarlaíonn an troid sin i Ráth Cruachan i ndumha a bhfuil ráth ciorclach timpeall air a nglaoitear Ráth na dTarbh air. Mar a luaitear thuas, tá reilig anseo a nglaoitear Reilig na Rí uirthi. Tá dumha ann darb ainm Dumha Dháithí a bhfuil gallán cloiche ann. Tá sin ainmnithe as Dáithí, an rí págánach deireanach a cuireadh sa reilig.    

Uaimh na gCat

Ceann de na háiteanna is spéisiúla atá i Ráth Cruachán is ea Uaimh na gCat. Is uaimh thalún nádúrtha ar chuir daoine léi. Bhí an uaimh thalún mar chuid de dhumha cré ach scriosadh é chun bóthar a thógáil sna 1930í. Peaca mór a bhí sa ghníomh sin. Deirtear gur tairseach é go dtí an tAlltar, an saol úd eile. Ceann de na hainmneacha atá air ná ‘doras Ifrinn na hÉireann’. Tagann ainm Uaimh na gCat ón scéal Fleá Bhricriú. Sa scéal tagann cait fhiáine amach amach as an uaimh agus déanann siad ionsaí ar thrí laoch Ultacha go dtí go gceansaíonn Cú Chulainn iad. Seo scéal eile faoi Uaimh na gCat ó Cath Mhaighe Mucramha:

Anois tugadh Maigh Mucramha air ó na muca draíochta a tháinig amach as Uaimh Chruachain. Sin geata na hÉireann go hIfreann. As sin freisin a tháinig an scian chréatúir trícheann a scrios Éire go dtí gur scrios Amhairghin athair Chonaill Chearnaigh, ag troid ina aonar, i láthair na nUltach. As sin freisin a tháinig an tréad éan rua agus mharaigh siad gach rud in Éirinn a raibh a n-anáil i dteagmháil leis go dtí gur mharaigh na hUltaigh iad lena dteachtairí. As sin ansin a tháinig na muca seo. Cibé rud a thrasnódh siad ní fhásfadh arbhar ná féar ná duilleog air go dtí deireadh seacht mbliana.  

In Táin Bó Réghamhain luaitear gur tháinig an Mhór-Ríoghain ón uaimh ar charbad le capall aonchosach. I scéal eile goideann an Mhór-Ríoghain tarbh fíochmhar ó sheoltóir bó Theamhrach, Buchat. Leanann a bhean, Odhras, an Mhór-Ríoghain isteach san uaimh, áit a gcuireann an Mhór-Ríoghain codladh draíochtúil uirthi.  Nuair a dhúisíonn Odhras ní bean a thuilleadh í ach abhainn! 

Tá go leor scéalta bainteach le hUaimh na gCat, is léir! Ar fhardoras ag oscailt na huaimhe tá inscríbhinní ogham, ‘VRAICCI…MAQI MEDVVI’, is é sin ‘Fraoch, mac Mhéabha’. Tá séadchomhartha gar dó dar teideal Carn Fraích, ainmnithe, is cosúil, as an duine céanna.  Tá an Fraoch seo luaite in Táin Bó Cúailgne.

Tá nasc láidir ag Ráth Cruachan agus a reilig le Samhain.

Tá an suíomh ríoga seo thar a bheith suimiúil. Ba cheart do sheandálaithe níos mó taighde a dhéanamh ar suíomh chun níos mó eolais a fháil faoi. Is fiú cuairt a thabhairt air!

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.