Polasaí rialtais nó lucht iarrtha dídine freagrach as géarchéim na tithíochta?

Eoin Ó Murchú

Caint i bhfolach an chiníochais a thug an freasúra ar ráiteas an Tánaiste Simon Harris nach raibh ceart ar thithíocht stáit ag cuid mhaith díobh siúd atá i gcóiríocht éigeandála de bharr easpa dídine.

Bhí an Tánaiste ag labhairt i ndiaidh gur tháinig figiúirí amach a léirigh go bhfuil níos mó daoine ná riamh, arís, ag brath ar chóiríocht éigeandála mar gheall ar iad a bheith gan dídean. 

Dúirt Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin, gur seanphort ag an eite chlé i bhfad amach é ag rá gur ar inimirceoirí agus lucht iarrtha tearmainn atá freagrach as géarchéim na tithíochta.

“Níl sé sin fíor, ámh,” a dúirt sé.  “Tá an fhreagracht ar an rialtas mar is de bharr pholasaí an rialtais nach bhfuil a dhóthain áiteanna cónaithe ar fáil.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!