Bliain nua, ré nua. An sprioc atá ann do chuid maith againn, ach do Pháirtí Aontachtach Uladh, is bealach é a shiúil said faoi seacht roimhe ó bhí 2001 ann. Lorgann siad ceannaire nua.
Níl aon amhras ann ná go gceapfar Jon Burrows, iaroifigeach péas, sa ról. Creideann an fear seo gur féidir leis an pháirtí a chur ar a chosa arís. Ní fios cén fhealsúnacht nó smaointeoireacht nua a bheas aige, ach tá rud amháin iontach soiléir. Ní trí mhalartú pearsanra gach cúpla bhliain, cosúil le hathord a chur ar cathaoireacha an Titanic, a theastaíonn. Ní, ach oiread, dul san iomaíocht le páirtithe aontachtacha eile, nó, go fiú féin, a bheith ag lorg comhaontú leosan. An t-aon rud a shábhálfaidh iad ná dul sa tóir ar dhaoine nach aontachtaithe nádúrtha iad, macasamhail Caitliceach nó Protastúnaigh nach vótálann ar chor ar bith faoi láthair.
Ar an drochuair níl sé ar a gcumas sin a dhéanamh, de dheasca a ndearcaidh frith-Gaeilge gan chiall. Déarfaidís nach bhfuil rud ar bith acu in éadan na teangan. Ach, bréagnaítear a gcuid focal i gcónaí, agus a ngníomhartha.