Cluiche cheannais peile idirmheánach na bhfear
An Ghaeltacht (Ciarraí) 0-12
Gleann an Iolair (Doire) 0-6
Cóilín Duffy
Tá áit sa stair faighte ag an nGaeltacht i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, nuair a bhuaigh siad craobh uile-Éireann AIB idirmheánach peile na gclub den chéad uair ó bunaíodh a gclub, agus rinne siad é le foighne, le smacht agus le haontacht a léirigh aibíocht ar leith ar an stáitse is mó.
Ba é bainisteoir na foirne, Feargal Ó Sé, a chuir an lá i bhfocail go mothúchánach ina dhiaidh.
“Is iontach an rud é craobh na hÉireann a bhuachan le do chlub féin agus is rud é a choinneoidh an grúpa imreoirí seo le chéile ar feadh i bhfad. Go pearsanta, tá mé fíorshásta a bheith mar chuid de,” a dúirt sé tar éis an cluiche.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!