Tá neart de thacadóirí Éireann aontaithe thar a bheith ciúin faoi láthair. Tá John O’Dowd, an tAire Airgeadais san Fheidhmeanas ó thuaidh, ag cur chun tosaigh cáinfhaisnéis a bheas dár dtabhairt go dtí 2030. Is léir nach bhfeicean seisean aontú na tíre roimhe sin, nó reifreann go fiú féin. B’fhéidir go bhfuil Sinn Féin sásta anois an lámh in uachtar a fháil sa tuaisceart, rud nach bhfaighidh siad go héasca ó dheas, nó sna 32 contae.
Má shíleann duine ar bith nach bhfuil le déanamh ach fanacht go mbainfear amach 50 faoin gcéad móide 1 amach, is ag rámhaille atá siad.
Chun fíorthír nua a chruthú, sa chéad dul síos, tá gá le mórphleanáil, sa dóigh is go dtabharfar le chéile na córais éagsúla sa dá chuid den oileáin: sláinte, cáin, tuarastáil, oideachas agus araile. Bheadh sé cuidiúil fosta dá mba rud é gur scoileanna iomlánaithe imeasctha a bheadh iontu. Agus is é an chaint is déanaí ná seirbhís craoltóireachta nua, le meascán de RTÉ agus BBC a chur le chéile.