Mír ghramadaí: Aimsir chaite an tsaorbhriathair

Domhnall Mac Concharraige

Úsáidtear an saorbhriathar nuair nach mian nó nach gá nó nach féidir a lua cé a dhéanann gníomh. Mar shampla Gortaíodh Pádraig sa chluiche seachas Ghortaigh Seán Pádraig.

Seo rialacha aimsir chaite an tsaorbhriathair:

Sa chéad réimniú cuirtear -eadh le briathar caol, mar shampla bris, briseadh, agus cuirtear -adh le briathar leathan, mar shampla fág, fágadh.

Sa dara réimniú baintear -igh de bhriathar caol agus cuirtear -íodh leis, mar shampla bailigh, bail-, bailíodh. Baintear -aigh de bhriathar leathan agus cuirtear -aíodh leis, mar shampla ceannaigh, ceann-, ceannaíodh.

Bain úsáid as na rialacha agus cuir na briathra seo a leanas san aimsir chaite den saorbhriathar:

  1. Dún
  2. Cuir
  3. Ceannaigh
  4. Ardaigh
  5. Fáiltigh
  6. Maonigh
  7. Eagraigh

Anois cuir na briathra in aimsir chaite an tsaorbhriathair in abairtí.