Má tá deireadh leis an Atlantachas cén straitéis is cóir dúinn a ghlacadh anois?

Eoin Ó Murchú

Tá an ghéarchéim faoi bhagairt an Uachtaráin Trump go nglacfaidh sé smacht díreach ar an nGraonlainn ag léiriú laige bhunúsach na hEorpa, agus ag cur Éire in amhras faoi cheist an cóir a bheith le long atá le dul tóin poill nó an bhfuil aon rogha eile againn.

Tá mise ar na daoine a chreideann, sa deireadh, go n-umhlóidh an Eoraip sa chás seo, go bunúsach toisc nach bhfuil na cártaí aici chun a chur ina choinne. Ní rogha é an fórsa míleata ar chor ar bith, agus cheana féin, tá cúl tugtha ag an Eoraip ó chogadh trádála a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar a laige eacnamaíoch.

Is é an t-aon dóchas atá ag an Eoraip ná go dtiocfaidh an Páirtí Daonlathach chun cinn arís, ach beidh Trump sa Teach Bán le dhá bhliain eile is cuma, fiú má chailleann sé sna toghcháin leath-théarma i mbliana.

Ar aon chuma tá an Páirtí Daonlathach sin i ndíspeagadh iomlán faoin méid ar chóir dó seasamh air. Agus ceapaim gur dóchas bréan é a bheith ag súil le hathbhreith an Atlantachais, óir ní féidir muinín, nuair a chailltear í, a thabhairt ar ais gan stró.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.