Léamhthuiscint: Cristiano Ronaldo

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Cristiano Ronaldo
Grianghraf: Ludovic PŽron

San alt seo foghlaimeoimid faoi dhuine de na himreoirí sacair is cáilúla riamh, Cristiano Ronaldo. Léigh an talt agus freagair na ceisteanna a leanas.

Rugadh Cristiano Ronaldo ar an 5 Feabhra 1985 in Madeira sa Phortaingéil. Tháinig sé ó chlann bhocht. Ba shaighdúir é a athair agus ba chócaire í a mháthair. Tá deartháir amháin aige agus tá beirt deifiúracha aige chomh maith. Thosaigh sé ag imirt sacair nuair a bhí sé an-óg don chlub Andorinha, áit ar oibrigh a dhaid go deonach mar bhainisteoir trealaimh. Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois chuaigh sé go Liospóin chun triail a dhéanamh le Sporting Lisbon. Síníodh é ar chostas timpeall €1,700. Bhí grá aige nuair a bhí sé óg do na himreoirí sacair mór le rá, Ronaldinho agus an Ronaldo eile.

Nuair a d’imir Manchester United in aghaidh Sporting Lisbon in 2003 thug bainisteoir Manchester, Alex Ferguson, faoi deara a chuid scileanna. Tá sé ráite ag Ferguson gur iarradh air Ronaldo a shíniú tar éis an chluiche. Seachtain ina dhiadh sin síníodh é ar chostas £12 milliún, an costas is airde le haghaidh imreoir sacair sna déaga. D’imir sé do Manchester United dhá uair agus is ag an gclub sin a daingníodh é mar imreoir sacair den scoth. D’imir sé le haghaidh Real Madrid, Juventus, agus Al-Nassr. Tá cúig Ballon d’Or aige agus meastar gur duine de na himreoirí is fearr riamh é. Tá ceathrar páistí aige agus tá sé i gcaidreamh fadtéarmach le Georgina Rodriguez.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Scríobh dhá phíosa eolais faoi óige Ronaldo.
  2. Ainmnigh a chéad club.
  3. Cén aois a bhí sé nuair a thosaigh sé le Sporting Lisbon?
  4. Cén costas a bhí air?
  5. Agus é ag fás aníos, cérbh iad na himreoirí sacair ba mhó a thaitin leis?
  6. Ainmnigh na clubanna dár imir sé?

Díospóireacht

An dóigh leat gurb é Ronaldo an t-imreoir sacair is fearr riamh? 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.