Ionsaí barbarach gan leithscéal ag Meiriceá ar cheannas Veiniséala

Eoin Ó Murchú

Ionsaí mídhleathach gan chúis atá san ionsaí a rinne na Stáit Aontaithe ar Veiniséala. Ná bac leis na leithscéalta, ná na bréaga, atá á scaipeadh le bonn cirt a chumadh. Ionsaíodh stát nach raibh ag bagairt ar bhealach ar bith ar na Stáit Aontaithe, ach stát a bhí ag cur isteach ar sprioc Mheiriceá a máistreacht ar mhór-ranna Mheiriceá a chinntiú.

Tá sé soiléir don dall anois, cé go bhfuil daoine ann arbh fhearr leo fanacht dall, nach bhfuil sa chaint faoi ‘luachanna an daonlathais’ nó faoi ‘ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha’ ach cur i gcéill. Ag an deireadh thiar más mian le Meiriceá é a dhéanamh níl Meiriceá sásta le haon ghéilleadh a chuirfeadh srian orthu.

Tá an rud céanna fíor faoin Eoraip, ach amháin nach bhfuil an chumhacht ag an Eoraip a thuilleadh. Níl fágtha acusan ach bladhmann agus bagairtí follasacha.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.