Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Dé hAoine an 16 Eanáir

Gligíní na nDéise
10 go 11.30 am
Ionad Pobail na Rinne
Áisitheoirí Siobhán Ní Chonaill agus Doireann Nic Mhurchadha
Ionad Pobail na Rinne
Eolas Rebecca 085-2198739 nó 087-7219721
Clárú rebecca@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Lá le d’anáil a tharraingt agus do scíth a ligean
Imeacht saor in aisce do thuismitheoirí
10 am go 1 pm
Ionad Naomh Pádraig, an Bun Beag, Gaoth Dobhair
Fág do bhuaireamh ag an doras, suigh siar agus bain sult as an tsuaimhneas
Scrúduithe sláinte, coirnéal na bpáistí, sólaistí, aclaíocht bhog, comhairle do thuismitheoirí agus gníomhaíochtaí cruthaíochta
Má tá síob a dhíobháil ort déan teagmháil le Caroline Byrne ar 086-4102768

Dronuilleog an Scríbhneora
11 am go meán lae
Cultúralann Uí Chanáin
Cuirtear fáilte roimh dhaoine atá ag scríobh nó ar mhaith leo a bheith ag scríobh i nGaeilge. Is cuma cé chomh líofa is atá tú. Ní rang, cúrsa, deis léitheoireachta ná foilsitheoireachta é seo. Tacaíocht agus dlúthpháirtíocht do scríbhneoirí i nGaeilge.
Arna thionól ag Dave Duggan, scríbhneoir a bhfuil úrscéalta, drámaí stáitse, raidió agus scannáin scríofa aige i nGaeilge, agus é i mbun gearrscéil faoi láthair.

An Cinema Gaelach
Rún Cheannais Mhóir
6 pm
Dún Chomháin, Baile an Fheirtéaraigh V92VK59
Níl aon chostas air ach is gá clárú roimh ré le Marie ar 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Comhlucht Forbartha na nDéise

Tráth na gCeist
8 pm
Tigh Chualáin
Costas €40 ar bhord de cheathrar
Raifil le duaiseanna iontacha
Arna eagrú ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige

Dé Sathairn an 17 Eanáir

Siúlóid go gach leibhéal
Teacht le chéile i bPáirc an Fhonnuisce, sa charrchlós in aice le cros an Phápa
Sos i gcaifé le socrú
Eolais Caitlín agus John, 087 2509764
Arna eagrú ag Pobal Gaeilge Cúig Deag

Rannta, amhráin agus spraoi
12.30 pm
Súil Eile, Bearna
Aois réamhscoile 0 go 4
Cláraigh le snicheide@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Domhnaigh an 18 Eanáir

Siúlóid éasca Áth na Sceire
Siúlóid éasca Áth na Sceire, cosán aifrinn, Seanséipéal Chill Adhgair, Coill Chnoc Sinche
​Fad 8 km, dreapadh 200 m, 3 uair an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í an tsiúlóid seo. Beimid ag siúl ar chosán aifrinn, ar chonair coille agus i bpáirceanna féir a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna. Moltar buatais éadroma a chaitheamh.
Áit chruinnithe Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair oifigí BSL, Halla Clifden, Éirchód D02 XP89
Imeoimid ag 10 am go cruinn. 
Nó:
Tús na siúlóide sa charrchlós in Áth na Sceire, Carrchlós Inse an Phortaigh
Tagairt eangaí O 224 175  nó N53.1940, W6.1701.
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am
Treoraí Seán 
​Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait nó síob le tabhairt téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com lá roimh ré.
Tógadh Cill Adhgair sa naoú céad, agus deirtear gur leag saighdiúirí Chromail an chuid is mó de. Sa reilig tá roinnt leac uaighe Lochlannach.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Fan agus bí ag súgradh
10 am go 12.30 pm
Gaelscoil na Daróige
Aois 1 go 4
Eolas agus clárú enichearain261@c2kni.net

Siamsán rithe na n-éan
2 pm
Scoil Éinne, an Spidéal
Spásanna teoranta
Clárú snicheide@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Luain an 19 Eanáir

Rang Crochet do thosaitheoirí
7 go 8.30 pm
Ionad Mhachaire Rabhartaigh
Cúrsa 6 seachtaine €55, crúca cróise agus snáth san áireamh
Eolas 083-0769242

Dé Máirt an 20 Eanáir

Gligíní Ghaoth Dobhair
10.30 am
Sa Chrannóg i nGaoth Dobhair
Gach Máirt, grúpa spraoi agus teacht le chéile do thuismitheoirí agus leanaí, ó 3 mhí d’aois go haois réamhscoile
Eolas eilin@tuismitheoiri.ie nó 085-8624322
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Cupa agus comhrá
11 am gach Máirt
Óstán Meadowlands, Trá Lí
Eolas cnag.trali@gmail.com
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Trá Lí

Rince ar an sean-nós
4 Cheardlann oiriúnach do leanaí bunscoile 7+
5 go 6 pm
Dún Chíomháin, Baile an Fheirteáraigh
Cláraigh le Marie ag 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Cúrsa scileanna raidió le Raidió Fáilte
6 go 9.30 pm
Raidió Fáilte, Béal Feirste
Cúrsa 3 seachtaine gach Máirt
Beidh deis ag na rannpháirtithe uilig bunscileanna raidió a fhoghlaim agus a gclár raidió féin a dhéanamh
Saor in aisce
Eolas ó Phól ar traenail@raidiofailte.com

Dé Céadaoin an 21 Eanáir

Árdrang léitheoireachta
10.30 am
Cumann Chluain Árd
Tae, caife agus sconógaí ar fáil, chomh maith le léitheoireaht threoraithe de chois na teineadh
Cláraigh ag https://forms.gle/ACgb1krjxDHTfmcy7
Arna eagrú ag Cumann Chluain Árd

Comhrá teaghlaigh
10.30 am ar feadh cúig seachtaine
Áras Mhic Amhlaigh
Comhrá, cluichí, amhránaíocht, rannta, tae agus caife.
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Damhsa ar an tsean-nós le Tura Arutura
Cúrsa 6 seachtaine de cheardlanna
11 am
Aras Mhic Reachtain
£5 an cheardlann ó https://rebrand.ly/bbtaxcd
Eolas daithi@mhicreachtan.com

Tolg go 5k
6.30 pm gach Satharn ag 11am, Anam, agus Domhnach ag 12 pm, Anam freisin
Spórtlann na hÉireann, Béal Feirste
Eolas ó Brenda Uí Chléirigh, 077584128203

Déardaoin an 22 Eanáir

Scoil Gheimhridh Joe Steve
https://www.facebook.com/AmharclannCF

Leabhar filíochta Puisín Beag an Diabhail le hÉire Ní Fhaoláin
Á sheoladh ag Ben MacCaoilte
7 pm
Leabharlann Ghuaire

Bodhrán agus comhrá le Jordan
7 go 8 pm gach Déardaoin
Ranganna do dhaoine fásta
Club Ráth Chairn
Oiriúnach do gach leibhéal Gaeilge
Costas €15 an rang
Déan teagmháil le Jordan chun d’áit a chur in áirithe ag 083-1879532

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.