‘Anois teacht an earraigh tá an lá ag dul chun síneadh
Raifteirí
Is tar éis na féile Bríde árdóidh mé mo sheol’
Ceann de na laethanta cinn ráithe is ea Imbolc, an 1 Feabhra, agus i dteannta Bhealtaine, Lughnasa agus Shamhna, briseann na seanfhéilte seo an bhliain suas go nádurtha dúinn. Is féilte iad go bhfuil an-tionchar ag an timpeallacht, an talamhaíocht agus an aimsir orthu. Is amanna iad seo freisin chun machnamh a dhéanamh ar an séasúr nua atá ag teacht. Cuireann Imbolc tús leis an séasúr geal agus deireadh leis an ngeimhreadh, agus bhí ceangal ag an mbandia Bríd leis an bhféile i gcónaí. Tá an tuiscint ann gur fhorbair Lá Fhéile Bríde as an tseanfhéile nuair a tháinig an Chríostaíocht go Éirinn. Tá an-chuid nósanna agus smaointe ann a bhaineann le torthúlacht, cothú agus cneasú bainteach leis an bhféile, agus bhí cailíní agus mná lárnach san fhéile riamh.
Tuigtear gur fhorbair Naomh Bríd ón mbandia Bríd, agus tá cuid mhaith de na tréithe céanna ag an mbeirt. Tá Bríd suibíachtúil, a bhraithim. Is féidir í a bheith tabhachtach do dhaoine a chreideann sa naomh agus do dhaoine a chreideann sa seantraidisiún freisin. Do mhná, chomh maith, bhí agus tá Bríd ríthabhachtach, agus tá sin le feiceáil le blianta beaga anuas mar ionspioráid d’imeachtaí nua atá ag teacht chun cinn ar nós na féile Brigit i mBaile Átha Cliath.
Tá an-ghean agus cion ar Bhríd in Éirinn agus traidisiúin ar leith bainteach léi. Gan dabht, cuimhníonn daoine ar na crosa Bhríde atá comónta tríd an tír, ach tá an brat Bhríde deas mar nós freisin. Cosúil le Daidí na Nollag, bhíodh tuiscint ann go dtabharfadh Bríd cuairt ar gach teach oíche Fhéile Bríde le beannacht a chur ar an dteach agus an teaghlach. Bheannaíodh sí an ribín nó brat a d’fhágtaí amuigh thar oíche agus bhíodh cumhachtaí cneasaithe bainteach leis an mbrat ina dhiaidh sin gan dabht.
I lár Chontae Chiarraí tá traidisiún leanúnach na mbidithe ann agus ceangal ar leith leis an bpobal ansin le Bríd. Caitheann na bidithe hataí tuí agus éadaí bána agus téann siad ó theach go teach le ceol, amhráin agus scléip. I gceantair Chill Ghobnait agus Ghleann Chárthaigh is mó a d’fhan an traidisiún beo. Tugann na grúpaí brídeog ar an turas freisin, samhail de Bhríd, agus í gléasta in éadaí bána chomh maith.
Is comhartha é cuairt na mbidithe go bhfuil an t-earrach, séasúr an tsolais, ag teacht, agus tugann na grúpaí ádh agus sláinte go dtí an pobal agus na tithe go dtéann siad chucu. Ceiliúradh iontach is ea an bidí agus le blianta beaga anuas tá féile forbartha timpeall ar an nós i mbaile Chill Orglan ina bhfuil clár leathan de ceardlanna agus imeachtaí. Buaicphointe an na féile is ea paráid na mbidithe ar an mbaile agus tagann na grúpaí ar fad le chéile, chomh maith le scoileanna áitiúla, le ceol agus ceiliúradh a dhéanamh.
Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.