
Shamhlófá ó thuairiscí na mórmheáin go bhfuil gach aon duine i Veiniséala ar mhuin na muice de bharr gur fhuadaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Nicolás Maduro. Tá neart ama tugtha do na Veiniséalaigh a d’fhág an tír agus a chuaigh chun na hEorpa chun a dteachtaireachtaí a chraobhscaoileadh.
De ghnáth is Veiniséalaigh atá saibhir iad an dream seo, agus tabharfar faoi deara gur Veiniséalaigh gheala iad seachas daoine de dhath nó bundúchasaigh atá i gcoitinne níos boichte agus gan an t-airgead acu dul ar imirce chun na hEorpa.
Cibé ar bith, ceann de na miotais atá á chraobhscaoileadh ag na Veiniséalaigh shaibhre seo do mheáin cosúil le RTÉ, Dublin Live, The Irish Times agus araile ná go raibh Veiniséala “go breá” sna 1980í agus 90í sular tháinig Hugo Chávez i réim.
Ach dár ndóigh is scéal róshimplí é sin.
Sna 1970í ba stát cíosach bunaithe ar an ola é Veiniséala. Is éard atá i stát cíosach ná stát a bhraitheann ar ioncam ó acmhainn nach gá a tháirgeadh, sa chás seo ola, ach d’fhéadfaí stáit nó codanna de stáit eile a lua sa lá atá inniu ann i dtaobh na tithíochta agus na hola de chomh maith.
Baineann an uasaicme ioncam nó saibhreas ón tír gan aon rud a chruthú agus ní fhorbraítear tionscail nó talmhaíocht dhúchasach. Braitheann an stát go mór mór ar ábhar a iompórtáil. Ceannaíonn meánaicme na cathrach an t-ábhar seo agus fásann an scoilt idir an chathair agus muintir na tuaithe. Déanann aicme ar leith, an aicme comprador, bainistiú ar an bpróiseas seo, agus fásann caimiléireacht thart ar an stát agus an aicme chéanna.
I gcás Veiniséala sna 1970í, bhí comhlachtaí ola seachtracha chun cinn. Dhéanfaidís brabús ollmhór as acmhainn na tíre agus d’fhaigheadh sciar beag de mhuintir Veiniséala buntáiste as. Cé gur deineadh an tionscal ola a náisiúnú in 1976, d’fhan na struchtúir mar a bhí, na comhlachtaí ilnáisiúnta ag baint an tsaibhris agus an aicme comprador i mbun bainistiú ar an bpróiseas.
Nuair a chlis ar phraghas na hola go domhanda, tháinig na fadhbanna struchtúrtha i Veiniséala go cnámh na huillinne. Ar an lá a dtugtar Viernes Negro (an Aoine Dhubh) air, thit luch airgeadra na tíre, an bolívar, go leibhéal fíoríseal.
Mar a deir Javier Corrales ina alt The Politics of Venezuela’s Economic Collapse don Latin American Research Review, a scríobhadh in 1997, scriosadh an miotas gur tír uathúil a bhí i Veiniséala an lá sin. Bhí an tír leochaileach i gcomhthéacs an chaipitleachais dhomhanda, go háirithe de bharr í a bheith go hiomlán spleách ar an ola. Glaonn Corralles “two lost decades” ar an bhfiche bliain i ndiaidh 1983.
Sna 1980í chuaigh an boilsciú in airde, thit an táirgiúlacht san Iarthar, agus bhí na milliúin daoine dífhostaithe. I Meiriceá Theas, sa mhullach air sin, bhí géarchéim fiacha i go leor tíortha. De bharr go raibh Veiniséala ag díol ola le tíortha an domhain, bhí baol ollmhór ann don tír.
D’ardaigh Paul Volcker, a bhí i gceannas ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Meiriceá, na rátaí úis chun dul i ngleic leis an mboilsciú. Ach d’ardaigh rátaí úis i ndeisceart an domhain chomh maith, rud nach raibh na tíortha sin in acmhainn a íoc. D’fhás fiacha na dtíortha go mór, chuaigh caipiteal thar lear, agus cuireadh an t-airgeadra faoi bhrú ollmhór. Sa chaoi seo, ba ghéarchéim é seo a tharla sna tíortha caipitleacha imeallacha. Cuireadh uallach an choigeartaithe dhomhanda ar na geilleagair spleácha.
I Veiniséala féin bhí an córas polaitiúil bunaithe ar na cíosanna as ola a dháileadh. Glaodh an punto fijo ar an socrú seo agus bhí an dá pháirtí Acción Democrática agus COPEI i gcumhacht. Nuair a thit an t-ioncam sin, níorbh ann do rogha eile idé-eolaíoch ná eacnamaíoch. Thit na rátaí pá, d’ardaigh an boilsciú agus d’fhás an bhochtaineacht as cuimse. Faoi dheireadh na 1980í, bhí an pobal dubh dóite leis an stát agus an córas polaitiúil mar a bhí.
Tháinig buille maraithe na muice in 1989, nuair a chuir an tUachtarán Carlos Adrés Pérez clár coigeartaithe nualiobrálach i bhfeidhm. Ba é seo comhthoil Washington. Bhrúigh státchiste na Stát Aontaithe, an Ciste Airgeadaíochta Domhanda agus an Banc Domhanda an coigeartú seo ar thíortha ar nós Veiniséala.
Mar is eol dúinn in Éirinn, i ndiaidh 2008, an toradh a bhí ar an bplean ná gur gearradh fóirdheontais, déanadh príobháidiú ar chomhlachtaí stáit, agus cuireadh an dírialáil ar mhaithe le gnólachtaí móra i bhfeidhm. Dúradh ag an am gur “nuachóiriú” a bhí anseo, ach is polasaithe déine ón mbarr anuas a bhí i gceist i Veiniséala na 1980í agus 1990í agus in Éirinn idir 2010 agus 2020.
Nuair a baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair i Veiniséala, d’éirigh lucht na cathrach amach i gcoinne an rialtais, éirí amach ar ar glaodh an Caracazo a tharla in 1989. Chuir an stát caipitlíoch an t-éirí amach faoi chois agus meastar go bhfuair tuairim is 5,000 duine bás.
Sna 1990í threisigh an chíor thuathail i Veiniséala, lena n-áirítear an ghéarchéim bhainc, tuilleadh fáis ar an éagothromaíocht, agus cliseadh an dá pháirtí pholaitiúla thraidisiúnta.
Is sa chomhthéacs sin, comhthéacs ina raibh Veiniséala faoi chois ag fórsaí caipitlíocha agus impiriúlacha domhanda agus é ag braith go hiomlán ar an ola, inar tháinig Hugo Chávez i gcumhacht, go daonlathach, in 2002.
Ná ligimis do na Veiniséalaigh is saibhre, a bhfuil an deis acu saol níos fearr a aimsiú thar lear agus smachtbhannaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brú síos ar a dtír, an stair a lúbadh agus íomhá rómánsach den tréimhse roimh an Réabhlóid Bholavarach a chraobhscaoileadh go mímhacánta nó go haineolach isteach san allagar.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.