Feidhm anois leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil sna sé chontae

Cathal Ó Murchú

Tá feidhm oifigiúil tugtha ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe don Ghaeilge mar theanga oifigiúil sna sé chontae ón gCéadaoin an 28 Eanáir 2026 ar aghaidh. Tharla sé seo tar éis d’fhorálacha na Gaeilge san Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022 a rith trí Theach na dTeachtaí in Westminster. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an gCoimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, tús a chur lena chuid oibre agus na cumhachtaí a bhaineann leis an oifig seo a chur i bhfeidhm. Tá sé ceaptha sa ról seo ó mhí na Samhna 2025 agus beidh sé ansin ar feadh cúig bliana. Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte roimh fhorálacha an Achta a bheith curtha i bhfeidhm agus roimh ról an Choimisinéara Gaeilge.

D’eascair an tAcht seo agus ról an Choimisinéara ó fheachtas fada ó ghníomhairí teanga leis an nGaeilge a chur chun cinn sna sé chontae mar theanga oifigiúil. Bhí neart freasúra ann i gcoinne stádas ar bith a thabhairt don Ghaeilge ar feadh blianta fada, go háirithe ó aontachtaithe agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe roimhe seo. Léirigh an Páirtí Aontachtach Daonlathach freasúracht leanúnach agus nimhneach i gcoinne aon achta teanga le ráitis phoiblí mhaslacha i dtaobh na Gaeilge, go háirithe leithéidí Gregory Campbell, a dúirt “Curry my yoghurt a can coca coalyer” mar mhagadh ar an abairt “Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle”, agus iarcheannaire an pháirtí Arlene Foster, a dúirt “Má bheathaítear crogaill [lucht na Gaeilge], tiocfaidh siad ar ais le haghaidh tuilleadh” .

Bhí naimhdeas oifigiúil ann i gcoinne na Gaeilge ní hamháin ó aontachtaithe a d’úsáid stát Thuaisceart Éireann an Ghaeilge agus cultúr na nGael a chur faoi chois, ach rialtas coilíneach na Breataine ó Phlandáil Uladh ag tús an tseachtú haois déag go 1921, agus arís ó 1972 nuair a chuir na Briotanaigh an rialtas áitiúil ar ceal. Le linn an chogaidh sa tuaisceart ó 1969 go 1998, is iomaí gníomhaire teanga ar imríodh géarleanúint orthu nó a maraíodh fiú.

Tá cumhachtaí suntasacha ag an gCoimisinéir Gaeilge a chuimsíonn cearta Gaeilgeoirí a chosaint agus an Ghaeilge féin a chur chun cinn san earnáil phoiblí. Beidh an Ghaeilge le feiceáil i bhfógraíocht agus comharthaíocht phoiblí, chomh maith le ceart an Ghaeilge a úsáid i gcumarsáid leis an stát.  Cuirfear polasaithe i bhfeidhm ar mhaithe le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comhfhreagras, oiliúint foirne agus neart eile a éascú idir an pobal agus an stát.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.