Tá Donncha Ó hÉallaithe ó Bánú agus an t-iarseanadóir Pádraig Ó Céidigh ag rá nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ná Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar a ba chóir. Tá Roinn na Gaeltachta ag diúltú cumhachtaí tithíochta a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. Ní gá don aire síniú a thabhairt chun cumhachtaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta de réir Acht Údarás na Gaeltachta, agus ní gá bille nua a chruthú. Bhí treoirlínte pleanála le teacht amach na blianta ó shin i dtaobh tithíocht sa Ghaeltacht, agus fós tá Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta ag diúltú iad a fhoilsiú. Níor reachtaíodh Bille Údarás na Gaeltachta chun toghcháin a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta chun an t-easnamh daonlathach atá ann ó 2011 a réiteach. Ní chloistear aon rud faoin Straitéis 20 Bliain níos mó. Táim ag súil leis an 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais go luath, mar dhea! Tá buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta fós faoi leibhéal 2008, €25.5m, tá sé ag €16.2m inniu. Tá athbhreithniú ar phleanáil teanga foilsithe le déanaí, cé go raibh moill air, ag léiriú go raibh titim 2% idir 2016 agus 2022 i gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm sa chóras pleanála teanga a chuir siad i bhfeidhm go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla ag ardú, ní ag laghdú. Tá an Rraltas i mbun teangadhíothú sa Ghaeltacht.
Tá gá mar sin le binse fiosraithe a chur ar bun láithreach chun an córas atá sa státchóras a chíoradh agus a fháil amach cén fáth go bhfuil siad i mbun an teangadhíothaithe seo. Cén fáth a ndeirim binse fiosraithe agus ní an Comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge? Mar go bhfuil na mandairíní ón státchóras tar éis a bheith os comhair an chomhchoiste go minic agus níl aon fheabhas ag teacht ar an scéal. Ba chóir i mo thuairim stát feidearálach a chruthú den Ghaeltacht agus cumhachtaí feidearálacha a thabhairt dóibh dá réir, ní hamháin i dtaobh tithíochta de, ach i dtaobh maoiniú a thiomsú chomh maith.