Tá margadh trádála Mercosur glactha ag formhór na ballstát san Aontas Eorpach, cé go raibh Rialtas na hÉireann ina aghaidh. Bhí dhá phríomhfháth ann go raibh na feirmeoirí anseo in aghaidh an mhargaidh trádála seo, is é sin go mbeidh sé ag tabhairt níos mó comórtais isteach sa mhargadh i dtaobh mairteola de, agus dá bharr sin go mbeidh baol ann go laghdófar díolachán mairteola de chuid feirmeoirí Éireannacha, agus freisin nach bhfuil bia ag teacht ó Mheiriceá Theas ar ardchaighdeán. Tháinig mairteoil ón mBrasaíl cúpla seachtain ó shin ina raibh hormóin a bhfuil cosc orthu san AE. Dhá fháth thábhachtacha agus níl aon amhras go bhfuil an AE, an Ghearmáin go príomha, ag iarraidh go nglacfar leis an margadh seo chun gur féidir leo níos mó carranna a dhíol, agus is cuma leo faoi na feirmeoirí mairteola.