Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil €72,000 bailithe anois do Chumann Corráin Dheirg na Palaistíne, mar thoradh ar fheachtas tiomsaithe airgid náisiúnta ar mhaithe le pobal Gaza agus muintir na Palaistíne.
Ag tús an fheachtais ba é €20,000 an sprioc a bhí againn. Mar eagraíocht náisiúnta, shocraíomar leas a bhaint as ár líonra de chlubanna CLG, grúpaí pobail, gréasáin teaghlaigh agus scoileanna le himeachtaí áitiúla a eagrú chun airgead a thiomsú. Ba léir dúinn go gasta go mbeadh an sprioc seo sáraithe.
Eagraíodh imeachtaí de gach cineál ar fud na hÉireann: maidineacha caife, tráthanna na gceist, ceolchoirmeacha, chomh maith le tionscnaimh sna scoileanna ar nós lá gan obair bhaile agus lá gan éide scoile. Thairis sin, tugadh síntiúis i gcomhair biorán agus greamáin charranna a bhí againn, leis an teachtaireacht Síocháin don Phalaistín orthu.
Tá formhór an airgid a bailíodh seolta chuig Cumann Corráin Dheirg na Palaistíne cheana féin, agus tá an chuid eile á aistriú faoi láthair, anois agus deireadh á chur leis an bhfeachtas.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, “Nuair a chonaiceamar an t-uafás a bhí ag tarlú agus an fhulaingt go léir, shíleamar go raibh orainn gníomhú ar bhealach éigin. Bhí a fhios againn go raibh líonra láidir pobail againn timpeall na tíre, agus chreideamar go mbeadh fonn orthu páirt a ghlacadh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt. Shocraíomar sprioc réasúnta ag an tús, ach léirigh na clubanna, scoileanna, teaghlaigh, grúpaí pobail agus daoine aonair dlúthpháirtíocht thar cuimse. Is éacht iontach é an €72,000 a bailíodh agus is le gach duine a thug lámh chúnta, a d’eagraigh imeacht, a bhronn síntiús, nó a cheannaigh biorán agus greamán, an toradh.”
Ba mhaith le Glór na nGael buíochas ó chroí a ghabháil le gach club, grúpa, scoil agus duine aonair a ghlac páirt. Gabhaimid buíochas fosta le Crois Dhearg na hÉireann as an tacaíocht ón tús, leis an bhForas Pátrúnachta agus Gaeloideachas, agus le hAmbasadóir Stát na Palaistíne in Éirinn as an tacaíocht agus an misneach a tugadh dúinn le linn an fheachtais.